Dáil debates

Thursday, 19 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages

 

11:00 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Le blianta beaga anuas, tá ábhar a bhaineann le háit na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa tír a bhuanú. Tá céimeanna móra tógtha leis an Choimisinéir Teanga, stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, an staidéar teangeolaíochta agus straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Rinneadh iarracht nuair a bhí an obair seo ar bun ag an Rialtas deireanach go mbeadh páirt lárnach ag na páirtithe uile san Oireachtas san obair seo. Anois agus athrá a dhéanamh ar bhun-reachtaíocht ní amháin na Gaeltachta ach na Gaeilge, níl an tAire Stáit glacadh le haon leasú sa Dáil nó sa Seanad. In ionad pobal na Gaeilge agus iad siúd atá báúil don Ghaeilge a aontú taobh thiar den iarracht mhór ar son na Gaeilge, tá an tAire Stáit ag cothú scaoilte. Ag tabhairt isteach an Bille seo, atá lochtach go bunúsach, tá an tAire Stáit ag tabhairt isteach Bille gan aon acmhainní taobh thiar dó, Bille a bhaineann cearta daonlathacha de phobal na Gaeltachta agus a chuireann daoine nach bhfuil aon bhaint nó eolas ag formhór acu ar an nGaeltacht i mbun roghnú ionadaithe an phobail ar son na Gaeltachta, Bille a leag an cúram pleanála ar na pobail gan acmhainní agus a shéanann freagracht an Stáit, Bille a thugann ceannas do fhoras taobh amuigh den dlínse seo ar ghnóthaí an Stáit seo. Bille nach gcuireann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge i bhfeidhm. Níos tábhachtaí fós, is Bille é seo nach bhfuil aon tacaíocht ann dó ó na daoine is gníomhaí i saol na Gaeilge agus i saol na Gaeltachta. Iarraim ar an Aire Stáit don uair dheireanach seasamh siar ó bhruach na haille agus Céim an Choiste don Bhille seo a chur siar go dtí an fómhar. Mura ndéanfaidh an tAire Stáit sin, is oth liom go gcaithfidh mé a rá leis nach bhfuil i gceist ag Fianna Fáil aon pháirt eile a ghlacadh sa chur i gcéill atá ar bun anseo inniu. Beimid, áfach, ag teacht ar ais arís agus arís le reachtaíocht chun leasú a dhéanamh ar an mBille fíor-lochtach seo. Mar sin, ní bheimid ag glacadh tuilleadh páirte sa díospóireacht seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.