Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

10:30 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá a fhios ag an Teachta go bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas nach dtofar an t-údarás mar a rinneadh le blianta anuas. Sin an fáth go bhfuil orainn an Bille seo a chur tríd an Dáil roimh sos an tsamhraidh. Sin an fáth go bhfuil orainn an díospóireacht a chríochnú Déardaoin.

Ní chóir don Teachta a rá nach raibh díospóireacht nó cainteanna ag an Aire Stáit le muintir na Gaeltachta nó le daoine thart faoin tír. Tá sé ag taisteal ó Ghaeltacht go Gaeltacht an t-am ar fad ag déileáil leis an gcinneadh seo, i dtreo is go mbeidh plean soiléir ag gach uile Ghaeltacht maidir le forbairt na teanga, ní hamháin sa Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair ach ins an am atá le teacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.