Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cinnte nach bhfuil aon cheist thíos faoin ábhar seo, faoi phearsa ar bith. Ach mar sin féin, ba mhaith liom an oiread seo a rá. Tá aithne agam ar Dhónall Ó Cnáimhsí. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag obair agus gur garraíodóir éifeachtach é. Ní raibh a fhios agam gur cuireadh aon litir amach chuige go dtí gur tháinig sé agus gur labhair sé liom. Rinne mé fiosrúchán ansin agus fuair mé amach go ndeachaigh litir amach chuige. Sin an scéal. Ní Roinn an-mhór muid. Tá a fhios ag muintir na Ranna cé tá ag obair ins gach áit. Déantar monatóireacht i ngach Roinn ar cad atá á rá ag na meáin maidir leis an Roinn agus le polasaithe na Ranna, agus tarlaíonn an monatóireacht céanna i Roinn seo againne.

Caithfidh mé a rá arís nach bhfuil aon ionchur ag an Aire mar a caitear leis na daoine atá ag obair sa Roinn ins an Stát Seirbhís. Tá córas anseo ó bunaíodh an Stát i 1922. Éinne a théann isteach ins an Stát Seirbhís síníonn sé conradh, tá rialacha agus cód ansin agus caithfidh sé coinneáil leo. Má déantar aon trasnú air sin baineann sé le bainistíocht na Ranna agus níl aon bhaint ag an Aire leis. Níl mise i mo Aire Stáit ach le bliain agus fuair mé sin amach. Aon duine eile a bhí ina Aire, tuigeann sé an rud céanna. Tá an líne ansin, ní thrasnaíonn Airí an líne agus níl mise chun an líne a thrasnú ach an oiread.

Anois, rachaidh mé ar ais go dtí an cheist a cuireadh maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus le cur chun cinn na teanga. Rinne mé iarracht freagra a thabhairt. Tá an Bille ag dul tríd. Táthar ag rá go bhfuilimid ag iarraidh an daonlathas a chur chun siúil ins an Ghaeltacht. Táimid ag tabhairt seans do mhuintir na Gaeltachta, don ghnáth dhuine sa Ghaeltacht. Tá aithne ag an Teachta Ó Dochartaigh ar an ghnáth dhuine ins an Ghaeltacht. Tá siad ina gcónaí thart ins na tairsigh agus amach ar an chlochar. Ní bhíonn siad ar Raidió na Gaeltacht darna achan lá ag inseacht caidé le déanamh. Tá na mílte acu ó Dhún na nGall síos go Corcaí agus táimidne ag iarraidh ar na pobail sin cuidiú linn. Tá mise ag fáil glaochanna as gach aird den Ghaeltacht ag iarraidh orm coinneáil leis an rud atá mé ag déanamh mar go bhfuil mé ag tabhairt róil do mhuintir na Gaeltachta don chéad uair ariamh. Níl mé ag teacht anuas ón sliabh leis na deich n-aitheanta maidir leis an Ghaeilge, mar a dhein Maoise. Ní Maoise mise. Níl ionamsa ach Aire Stáit ins an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Táimid ag tabhairt deis dos na pobail seo a theacht amach, comhoibriú linn agus a rá linn cad ba mhaith leo a bheith ag dul ar aghaidh agus cad é a thig linn a dhéanamh fá choinne an teanga a choinneáil beo. Tá sí ag fáil bháis thart orainn agus tá mé cinnte go bhfuil a fhios sin ag an Teachta Ó Dochartaigh ó dhul thart. Tá mise á fháil amach, tá mé cinnte go bhfuil an Teachta Ó Dochartaigh á fáil amach agus tá na figiúirí ansin.

Níl mise a dhul a bheith anseo i rith mo shaoil. Níl a fhios agam cén fhad a bheidh mé anseo. Ach, ar a laghad nuair a fhágfaidh mé an Roinn tá súil as Dé agam go mbeidh mé ábalta a rá gur chuir mé stop leis an trádhadh agus, má tharlaíonn aon rud, go dtiocfaidh an taoide isteach do lucht na Gaeltachta arís. Is fada an lá ó dúirt Seosamh Mac Grianna i 1932, "Tabhair lámh do mhuintir na Gaeltachta ina ngnóithe féin". Sin an rud atá mé a dhéanamh, an rud adúirt Seosamh Mac Grianna i 1932. Tá mé ag tabhairt deis do mhuintir na Gaeltacht lámh a bheith acu i dtodhchaí a dteanga féin don chéad uair. An rud a bhí againn go dtí seo, níor éirigh leis. Dá n-éireofaí leis ní bhéinn anseo inniu ag casaoid an rud atá mé a dhéanamh.

Is dul chun cinn úr é seo. Is dea-uair é seo. Táimid ag iarraidh an pobal a mhealladh linn. Tá acmhainní teoranta againn. Níl dabht fá dtaobh de sin. Nílimid chun dul isteach ins an argóint sin anois. Ta €60 milliún á chur ar fáil do mo Roinn agus €19 milliún a chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta, agus caithfimid an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní sin. Níl a fhios agam caidé an méid a bheidh againn an bhliain seo chugainn. Beimid ag troid fá choinne gach pingin agus gach euro. Tá súil agam go mbeidh go leor againn.

Ach tá mise iontach dóchasach, nuair a bhéas an Bille tríd agus nuair a bhéas oifigigh na Ranna agus Údarás na Gaeltachta agus daoine eile amuigh imeasc an phobail ag iarraidh orthu teacht linn, go rachaimid go léir ag siúl le chéile agus go dtiocfaimid i dtír ar an dea-thoil agus ar an dea-mhéin sin atá imeasc cosmhuintir na hÉireann agus ghnáth mhuintir na Gaeltachta, nach bhfuair deis go dtí seo. Tá siad ag fáil na deise anois. Beidh na cruinnithe againn. Tá cuid acu tosaithe cheana féin. Nuair a bhéas an Bille tríd agus an struchtúr ansin againn rachaimid ar aghaidh ó sin.

Tá mise iontach dóchasach ón taithi atá agam anseo. Fear Gaeltachta mé féin, cosúil leis an Teachta Ó Dochartaigh. Chaith mé mo shaol sa Ghaeltacht. Labhraim an teanga. Tá mo dhílseacht i ngach rud ins an Stát seo. Is cinnte go bhfuil mo chroí ins an Ghaeilge. Níor mhaith liom go mbéadh sé scríofa ar mo thuama nár shábháil mé an Ghaeilge. Is é an rud ab fhearr a thiocfadh liom a bheith scríofa air, "Suaimhneas síorai dá anam agus shábháil sé an Ghaeilge".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.