Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Bím sásta bualadh leis na heagrais Gaeilge aon uair. Aon uair a thagann iarratais isteach ó na heagrais Gaeilge bím sásta bualadh leoBhuail mé le go leor acu ó ceapadh im Aire Stáit mé. An tseachtain seo chaite bhuail mé le ceann des na príomh eagrais Gaeilge. Tá cur agus cúiteamh agus caidreamh agus cumarsáid eadrainn go rialta, go seachtanúil agus uaireanta go laethúil.

Maidir leis an Bhille féin, is cinnte go bhfuilimid ag iarraidh é a chur tríd an Dáil amárach. Tá Bille Gaeltachta beartaithe le 20 bliain. Táimid ag ullmhú don Bhille seo le dhá bhliain déag, ó tháinig tuairisc Choimisiún na Gaeltachta, an suirbhé teangeolaíochta agus tuairisc an chomhchoiste Oireachtais amach. Tá na forálacha atá sa Bhille pléite agus athphléite. Bhí a fhios ag gach duine sa tír a raibh suim aige ins an Ghaeilge agus ins an Ghaeltacht cad a bhí le bheith ins an Bhille. D'fhógair mé féin é cúpla uair. Chaitheamar deich n-uair sa tSeanad á phlé, bhíomar anseo Déardaoin agus Dé hAoine seo chaite. Dála an scéil, Dé hAoine seo chaite thit an tóin as an díospóireacht mar nach raibh éinne anseo chun labhairt agus b'éigean dúinn é a chur chun chríche sular tharla sé. Bhí go leor cainteoirí ar an taobh seo den Teach ach bhí ganntanas cainteoirí ón Fhreasúra. Labhair an Teachta Kitt, labhair sé go maith agus cuirim fáilte roimh an méid a bhí le rá aige, ach ní raibh aon chainteoirí ag teacht óna thaobhsa den Teach agus b'éigean deireadh a chur leis an díospóireacht. Beidh trí huaire go leith againn amárach agus sin tamall fada. Beidh an Bille pléite go maith agus tá sé in am é a bheith reachtaithe anois. Beidh an gléasra ina áit ansin leis an straitéis a chur i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.