Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Le linn na bliana seo, tugadh tús áite do dhréachtú Bhille na Gaeltachta 2012. Tá an Bille sin ag dul tríd an Teach seo faoi láthair agus táim ag súil go mbeidh sé achtaithe go luath. Chomh maith le cúrsaí reachtaíochta, tá mo Roinnse ag tabhairt tús áite do ghníomhaíochtaí praiticiúla faoin straitéis, mar shampla, an cár tacaíochta teaghlaigh, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an straitéis.

Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an straitéis a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir seo: tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn leis an straitéis; tá grúpa oifigeach sinsearach, atá comhdhéanta d'oifigigh ardleibhéil ó na Ranna cuí, ag tacú leis an gcoiste rialtais; tá grúpa idir-rannach, a bhfuil mise, mar Aire Stáit, mar chathaoirleach air, ag déanamh comhordú ar chur i bhfeidhm na straitéise; agus tá aonad straitéise i mo Roinn freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú.

Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, beidh an chéad chruinniú eile den choiste sin ann amárach. Maidir leis an ngrúpa Idir-rannach atá ag feidhmiú faoi mo chathaoirleacht, bhí an cruinniú deireanach den ghrúpa sin ann ar an 27 Meitheamh 2012 chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn ar bhealach comhtháite. Chomh maith leis na grúpaí atá luaite agam, tá trí ghrúpa oibre ardleibhéil bunaithe ag mo Roinnse leis na príomhpháirtithe leasmhara chun dlús a chur le feidhmiú réimsí gnímh éagsúla den straitéis. Eagraítear cruinnithe de na grúpaí oibre sin, de réir mar is gá.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.