Dáil debates

Wednesday, 18 July 2012

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Mar a thuigeann an Teachta, socrófar an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse in 2013 i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas meastacháin níos faide anonn sa bhliain. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá ar mo Roinnse, lena n-áirítear na héilimh a eascróidh as cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go gcuirfear san áireamh mar is cuí an cheist maidir leis an leibhéal maoinithe a bheidh de dhíth ar na comharchumainn Ghaeltachta, a fheidhmíonn faoi scáth Údarás na Gaeltachta, mar chuid den phróiseas sin. Maidir leis an mbliain reatha, níor mhiste a chur san áireamh go bhfuil os cionn €9 milliún, idir mhaoiniú caipitil agus reatha, curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta a thagann faoi mo Roinnse. Tá an soláthar sin á chur chun fónaimh i leith bearta, scéimeanna agus tionscnaimh éagsúla a bhfuil baint acu, ar bhealach amháin nó bealach eile, le cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht. I dtaca leis an soláthar seo, tá an soláthar €3.273 milliún faoina gcuireann Údarás na Gaeltachta maoiniú ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta a fheidhmíonn faoina scáth.

Le cur chuige stuama agus praiticiúil, táim sásta go mbeifear in ann féachaint chuige go leanfar ag baint an tairbhe is fearr as pé soláthar a chuirfear ar fáil as an Státchiste, a chuimseoidh na héilimh a eascróidh as cur i bhfeidhm na pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.