Dáil debates

Tuesday, 17 July 2012

4:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

De réir na ráitis poiblí agus de réir an eolas poiblí atá againn, bhí neart cruinnithe ar siúl roimh déanamh an chinnidh sin, ó thaobh bancanna agus iad siúd a bhí ag teacht isteach chuig iad siúd a bhí ag freastal ar an Rialtas ag an am sin, ach níl an scéal leagtha amach. Níl tuarascáil ar fáil ar chor ar bith orthu sin. Sílim go bhfuil sin an-aisteach ar fad. Sílim gur cóir go mbeadh tuarascáil ann. Mar adúirt mé, ghlaoigh mé isteach ar an oifigeach a bhí ag obair sa Roinn ag an am sin, an duine a bhí i gceannas ar an Roinn, agus thug sé dom na páipéir atá ann, ach níl tada iontu siúd faoi na cruinnithe sin, an cinneadh sin, an t-eolas sin, an fhaisnéis sin nó an scéal sin a tugadh do bhaill an Rialtais ag an am.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.