Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

2:00 pm

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry South, Fine Gael)

Tá mé buíoch go bhfuil deis agam labhairt ar an mBille seo. Déanfaidh mé mo dhícheall labhairt as Gaeilge. Nuair a thosaigh mé i gcúrsaí polaitíochta deich mbliana ó shin, ní raibh a lán Gaeilge agam. Bhí dearmad déanta agam ar an méid Gaeilge a d'fhoglaim mé ar scoil. Cosúil leis an Teachta English, níor thug mé go leor aird don teanga nuair a bhí mé ar scoil. Bhí brón orm nuair a d'fhág mé an scoil. Thar na blianta, d'oibrigh mé ar chúrsaí polaitíochta sa Ghaeltacht agus tháinig mo chuid Gaeilge ar ais. Bhí seans agam í a chleachtadh agus a fheabhsú ag clinicí, srl. Déanfaidh mé mo dhícheall inniu. Gabhaim leithscéal más rud é go bhfuil mo chuid gramadaí bocht.

Cuirim fáilte mhór roimh an reachtaíocht seo. Tá a lán oibre déanta ag an Aire Stáit agus oifigigh a Roinne chun an Bille seo a ullmhú. Tá mé sásta go bhfuil sé os comhair an Tí inniu. Mar Theachta ó Chontae Chiarraí, agus go háirithe mar dhuine ó Leithinis Chorca Dhuibhne, tá cúrsaí Gaeltachta an-tábhachtach dom. Is iomaí cuairt ar Chontae Chiarraí atá déanta ag an Aire Stáit ó ghlac sé freagracht don Ghaeltacht an bhliain seo caite. Gabhaim buíochas leis ina dtaobh sin. Tá sé an-tábhachtach do mhuintir na háite go dtéann an Aire Stáit ann go minic. Tá sé i gcónaí oscailte chun buaileadh le grúpaí agus daoine éagsúla. Tá sé sin an-tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta. Cuirfimid fáilte roimhe am ar bith gur mhian leis filleadh ar Chontae Chiarraí. Mar a dúirt mé, tá an pobal áitiúil fíor-bhuíoch as an méid atá déanta aige go dtí seo.

Tá seans againn ár dteanga náisiúnta a shábháil. Tá mé dóchasach go mbeidh todhchaí ag an teanga mar thoradh ar an mBille tábhachtach seo. Caithfimid go léir obair le chéile chun é sin a chinntiú. Ba mhaith liom cúpla a rá faoin nGaeilge inár scoileanna. Tá sé tábhachtach go mbeadh níos mó béime ar an mbéaloideas sa chóras oideachais. Nuair a bhí mé i mo rang scoile, ní raibh suim mhór agam sa Ghaeilge. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh scoláirí ann an teanga a labhairt nuair a fhágann siad an scoil. Tá mé dóchasach go mbeidh daoine óga na linne seo in ann ár dteanga a labhairt, tar éis í a fhoghlaim ar feadh 14 bliana, nuair a fhágann siad an scoil sa todhchaí. Bheadh sé sin mar phíosa mór don réiteach ar an fhadhb seo agus cabhródh sé linn an Ghaeilge a shábháil. Tá a fhios agam go bhfuil fíor-ghrá ag an Aire Stáit don teanga. Tá sé ag obair go crua. Tá a dhícheall á dhéanamh aige. Cabhróidh mé leis mar Theachta. Tá mé dóchasach go ndéanfaimid dul chun cinn de bharr an iarracht seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.