Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

2:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Tá an Bille seo iontach tabhachtach. Táimid ag labhairt faoi todhchaí na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta. Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an todhchaí sin i gcontúirt. Tá an Ghaeilge á labhairt sa tír le níos mó ná 2,000 bliain. Nuair a bunaíodh an Stát, bhí an Ghaeilge á labhairt ag 250,000 duine sa Ghaeltacht. Is figiúr an-mhór é sin. Sna fichidí agus sna triochaidí, bhí an Ghaeilge á labhairt mar teanga dúchais i gcontaetha Aontroma, Doire, an Chabháin, Ard Mhacha, an Lú, Liatroma, Shligigh, Ros Comáin, an Chláir, Tiobraid Árainn agus Cill Chainnigh. Diúltaigh Rialtas na linne sin na moltaí a rinne Coimisiún na Gaeltachta i 1926 a thógaint san áireamh. Ba cheart dúinn smaoineamh ar sin. Ag an am sin, dúirt an coimisiún gur cheart go mbeadh teagmháil idir an Stát agus an Ghaeltacht trí Ghaeilge. Níor tógadh an comhairle sin. Os rud é gur theip ar gach Rialtas ó shin an tacaíocht cuí a thabhairt don Ghaeltacht, ní raibh an teagmháil idir an Stát agus an Ghaeltacht trí Ghaeilge.

Dúirt tuarascáil a d'fhoilsigh Bord na Gaeilge i 1987 go raibh gníomhaireachtaí riaracháin an Stáit i measc na fórsaí is cumhachtaí i gceantair Gaeltachta. Tá an-chuid taighde déanta ag an Stát ó shin. De réir an staidéar chuimsitheach, níl fágtha ag teanga náisiúnta na tíre seo ach 15 nó 20 bliain. Is rud uafásach tábhachtach é seo. Tá an scéal iontach truamhéalach. B'fhéidir gur seo an ghlúin deireanach ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar teanga dúchasach na tíre. B'fhéidir go bhfuil 2,000 bliain ag teacht chun deiridh leis an ghlúin seo. Mar sin, tá an-dhualgas agus an-fhreagraíocht ar an ghlúin seo. Tá an Ghaeltacht ag meath agus ag cúngú bliain i ndiaidh bliain. Tá daoine ag snámh in aghaidh an tsrutha in áiteanna éagsúla. Tá bac curtha ar an meath sin i gceantair difriúla. Tá borradh ag teacht ar an nGaeilge anseo is ansiúd. Is eisceachtaí iad na háiteanna sin.

Tá a fhios ag gach éinne go bhfuil an t-aláram ag bualadh don Ghaeltacht. D'fhoilsigh an Rialtas Bille na Gaeltachta 2012 mar fhreagra ar an gceist práinneach seo. Bhíomar ag feitheamh le fada. Tá 60 bliain imithe ón iarracht deireanach. Le bliain anuas, gach uair a chuir mé ceisteanna ar an Aire Stáit dúirt sé liom go raibh an reachtaíocht seo ag teacht agus thug sé go leor geallúintí faoi cad a bheadh inti. Tá an-díoma orainn mar pháirtí faoin mBille seo. Os rud é go bhfuil an cheist seo chomh tábhachtach, ba cheart go mbeadh an reachtaíocht seo ceart. Ba chóir go mbeadh na fadhbanna go léir iarnáilte amach as an reachtaíocht. Tá díospóireacht ceart san Oireachtas riachtanach chun é sin a dhéanamh. Is dóigh liom go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an Bille seo a bhrostú roimh deireadh téarma seo na Dála. Tá Sinn Féin ag iarraidh 78 leasú a dhéanamh ar an mBille seo. Is léir go mbeidh leasuithe breise le moladh ag na páirtithe eile. Tá sé dochreidte go mbeidh orainn déileáil leis na leasuithe sin i gceann seachtain amháin. Tá an Rialtas chun Chéim an Choiste agus an Tuarascáil a eagrú ar an lá céanna. Tá sin dochreidte. Ní bheimid in an déileáil le ceathrú na leasuithe atá ann. Ní gearán polaitiúil é seo, tá na heagraíochtaí Gaeilge uile ar buille go bhfuil an Rialtas ag brú na reachtaíochta seo tríd an Oireachtas. Tá a fhios agam go bhfuil brú ar an Rialtas mar tá an toghchán do bhord an údaráis ag teacht agus ba mhaith leis gach rud a réiteach roimh an toghchán sin. Tá a fhios ag an Aire Stáit, áfach, gur féidir linn an toghchán sin a chur ar athló go ceann bliana agus táimid ar an taobh seo sásta cabhrú leis an Aire Stáit chun sin a dhéanamh. Ní gá ach líne amháin a athrú sa reachtaíocht chun sin a dhéanamh.

Beidh an Bille seo mar oidhreacht don Aire Stáit. Nach mbeadh sé go hiontach dá mbeadh muintir na Gaeltachta in ann a rá go raibh an Teachta McGinley freagrach as an mborradh mór atá ag teacht ar an nGaeltacht. Ba cheart go mbeadh daoine in ann a rá go mbeadh an tAire Stáit oscailte do smaointe maithe agus réidh rudaí a athrú? B'fhéidir go mbeadh seo mar an seans deireanach an Ghaeltacht a shábháil. Ní mór dúinn é a dhéanamh i gceart mar sin. Má chuireann an tAire Stáit an Bille ar atráth, ní aontóimid le gach rud ach is féidir na fadhbanna ollmhóra sa Bhille a réiteach gan costas ar bith ar an Stát. Tá tograí maithe sa Bhille, níl aon dabht faoi sin. Aontaím le cúpla rud atá ann sa Bhille. Nílim ag rá go bhfuil an Bille loite ar fad. Tá tograí maithe ann. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Ó Dochartaigh faoi inné, an fhadhb is mó atá ag daoine ná an easpa daonlathais. Beidh struchtúr an údaráis athruithe agus beidh bearna ó thaobh an daonlathais ann. Ní bheidh baill an údaráis freagrach do mhuintir na Gaeltachta, beidh an nasc idir an Ghaeltacht agus an t-údarás briste. I gContae na Mí, tá dhá Ghaeltacht ann - Ráth Chairn agus Baile Ghib. As seo amach, is féidir duine as Dún Seachlainn nó Baile Shláine ainmnithe mar bhall an údaráis, duine nach mbeidh air vótaí a lorg i Ráth Chairn nó Baile Ghib agus nach mbeidh freagrach ar na daoine sin. Beidh tionchar mhuintir Ráth Chairn agus Bhile Ghib laghdaithe ar fad.

Botún eile, tá an Bille ag tabhairt neamhairde ar na blianta taighde luachmhar atá déanta. Caitheadh suas le €0.5 milliún ar staidéar cuimsitheach teangeolaíocht ag saineolaithe ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le comhghleacaíocht ó Ollscoil Mhá Nuad, inar rinneadh plé iomlán cuimsitheach le daoine atá ag baint le hearnáil na Gaeilge agus na nGaeltachtaí. Níl an Bille ag glacadh leis na critéir a bhí ann sa staidéar. Dar leis an staidéar sin, tá trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de limistéar reachtúil na Gaeltachta. Tá limistéar catagóire A ann, na háiteanna ina mbíonn níos mó ná 67% de na daoine ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tá limistéar catagóire B ann, a chuimsíonn na ceantair ina mbíonn idir 44% agus 67% faoin gcéad de na daoine ag úsáid na Gaeilge go laethúil agus catagóir C, ceantair ina úsáidtear níos lú ná 44% faoin gcéad de na cainteoirí Gaeilge an teanga ar bhonn laethúil. Tá an Bille seo dall don eolas sin. Níl baint straitéiseach á húsáid ar an eolas sin.

Tá an Rialtas ag iarraidh an Ghaeltacht a bhriseadh suas in 19 ceantar. Níl cuid de na ceantair feiliúnach le chéile. Ní ceart ceantar atá láidir ó thaobh na Gaeilge de a chur isteach le ceantar atá lag. Leagann an cur chuige maidir le pleanáil teanga ualach na hoibre ar eagraíochtaí beaga áitiúla. Tá an scéal níos measa fós. Beidh ceantair le leibhéil dhifriúla measctha le chéile, a chruthóidh deacrachtaí praiticiúla i dtaobh pleanáil teanga. Beidh deacrachtaí ann do cheantair láidre agus do cheantair laga. Má tá plean le hullmhú do cheantar le Gaeilge, ba cheart go mbeadh caighdeán na Gaeilge thart ar an chaighdeán céanna sa cheantar. Ní mar sin a tharlaíonn sa Bhille seo.

Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga, ní bheidh feidhm mar cheart le baile ná le Gaeltacht mura gcuirfear dualgas reachtúil ar eagras Stáit a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. I rith na seachtaine, chuir mé glaoch ar an ESB chun gnó a dhéanamh. Roghnaigh mé chun an Ghaeilge a úsáid. De na trí uair a ghlaoigh mé ar an ESB, ní raibh an duine sásta an gnó a dhéanamh agus bhí orm fanacht. Ní bheidh an gnáthdhuine ón Ghaeltacht sásta fanacht trí huaire chun gnó a dhéanamh.

San Oireachtas seo fiú, bhí mé ag iarraidh féachaint inniu ar an díospóireacht a tharla sa Seanad an tseachtain seo caite agus nuair a d'amharc mé ar an Idirlíon, bhí an díospóireacht ar shláinte na n-ainmhithe le fáil, mar bhí sé i mBéarla, ach ní raibh an díospóireacht faoin mBille seo thuas i nGaeilge mar bhí sé i nGaeilge. Chuir mé glaoch ar na hoifigí agus dúradh liom nach bhfuil an fhoireann acu an méid sin a chur suas ar an Idirlíon toisc go bhfuil sé i nGaeilge.

Chuir mé ceist isteach an tseachtain seo faoi cheisteanna a cuireadh an tseachtain seo chugainn. Tháinig duine amháin as oifig na gceist ar ais chugam agus ní raibh sí in ann an cheist a thuiscint agus ní raibh sí in ann é a léamh mar bhí an cheist i nGaeilge agus ní raibh Gaeilge aici. Mura bhfuilimid in ann córas dátheangach a chur i bhfeidhm sa Teach seo, ní bheimid in ann córas dátheangach a chur i bhfeidhm i Ráth Chairn, nó Gort an Choirce nó pé áit eile sa Ghaeltacht.

Mar a dúirt an coimisinéir, bheadh lúb urláir an-suntasach i bhfeidhmiú an Bhille nua Gaeltachta mura gcinntítear treoracha leis go gcuirfí na leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais reachtúla ar eagrais Stáit a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar a luaigh mé i 1926, agus 1986, dúirt na tuarascálacha ansin go raibh an Stát mar fhórsa galldaithe sa Ghaeltacht. Fós nílim in ann an teagmháil idir an Stát agus an Ghaeltacht a dhéanamh trí Ghaeilge. Go dtí go mbeimid in ann sin a réiteach, laghdófar an Ghaeilge. Ní bhíonn Gaeilge le fáil sna húdaráis áitiúla. Níl aon Ghaeilge le fáil ó Chomhairle Bhaile na hUaimhe nó ó Chomhairle Contae na Mí le haghaidh mhuintir Ráth Chairn nó mhuintir Bhaile Ghib. Theip ar an Roinn Coimirce Sóisialta a dhualgas dleathach a líonadh, rud a luaigh an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil. Is iad an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Oideachais agus Scileanna na heagraíochta poiblí a bhíonn i dteagmháil leis an Ghaeltacht agus níl siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh. Ba chóir an Ghaeilge a bheith mar theanga oibre i ngach cúirt sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh daoine in ann an hGaeilge a roghnú mar theanga oibre. Dé réir Acht an Gharda Síochána 2005. tá ar an choimisinéir gardaí le Gaeilge a lonnú sa Ghaeltacht. Mar is eol, níor cuireadh sin i bhfeidhm i gceantar an Aire Stáit féin, nuair a lonnaíodh gardaí gan Gaeilge ann i gcroílár na Gaeltachta. Caithfimid déileáil leis na rudaí sin.

Rud eile atá an-tábhachtach anseo ná maoiniú agus na hacmhainní a bheidh ar fáil chun na rudaí seo a chur i bhfeidhm i gceart. Nuair a bhí an tAire Stáit ar an dtaobh seo den Teach cúpla bliain ó shin, dúirt sé:

Aontaímid go léir go bhfuil an straitéis tábhachtach, ach tá cur i bhfeidhm na straitéise níos tábhachtaí fós. Tá ceisteanna bunúsacha, tábhachtacha le freagairt ag an Aire. Má amharcann daoine ar chaiteachas na Roinne don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn agus na blianta amach romhainn, tá titim thubaisteach ann. In 2007, bhí €112 milliún ag an Roinn agus an bhliain seo chugainn, tá €40 milliún, beagnach an rud adúirt an Bord Snip Nua.

An aontaíonn an tAire Stáit go mbeidh sé an-deacair ar fad freagracht a ghlacadh as straitéis na Gaeilge agus as rudaí eile a bhaineann leis an Ghaeltacht nuair atá titim chomh tubaisteach sin ar an chaiteachas atá ar fáil don Roinn don bhliain seo chugainn agus na blianta le teacht? Níl seo dodhéanta. Tá an Rialtas ag cleasaíocht, mar níl sé i gceist aige ach an straitéis a chur amach, ach gan í a chur i bhfeidhm. Is iad na focail atá léite amach agam, focail an Aire Stáit é féin. Ach náire air, tá an rud céanna ag titim amach inniu. Mar adúirt mo chomhleacaí, an Seanadóir Ó Clochartaigh, sa Seanad an tseachtain seo caite, tá an cleasaíocht céanna ar bun ag an Aire Stáit sa Bhille seo.

Is léir gur colceathar bocht í an Ghaeilge. Ní fheidhmeoidh an plean gan acmhainní, ach níl an Rialtas in ann iad a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh ról príomha ag an údarás maidir le forbairt na bpleananna seo. Ba cheart go mbeadh teorainn ama leagtha amach chomh maith, ar eagla go leanfaidh an próiseas ar aghaidh gan stad. Tá faitíos orm go mbeidh an próiseas á reachtáil ar bhonn ad hoc, gan tús ná deireadh. Rud eile, cad a tharlóidh ag deireadh an phróisis, ag am na cinniúna, maidir leis na pleananna teanga? Níl eagraíocht neamhspleách ar bith luaite sa reachtaíocht chun breithiúnas a thabhairt ar ché chomh rathúil a bhfuil cur i bhfeidhm an phlean. Tabharfaidh an tAire Stáit a bhreithiúnas. Tá seisean ag cur an chórais polaitiúil i gcroílár an phróisis. Bhí mé ag éisteacht leis na Teachtaí Dála ar thaobh an Rialtais agus gan amhras, beidh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus comhairleoirí contae ag stocaireacht ar son a gceantar. Beidh Airí, sa todhcaí, ag tógáil vótaí san áireamh agus iad ag tabhairt bhreithiúnais ar phleananna teanga. Córas claonta a bheidh i gceist. Cad iad na critéir a úsáidfear amach anseo. Ní fios dúinne, mar níl na critéir leagtha amach sa Bhille.

Tá sé dochreidte nach bhfuil aon phróiseas achomhairc léirithe sa Bhille. Má theipeann ar cheantar le plean, sin é - mí-ádh, slán abhaile. Tá géarghá le struchtúr láidir, trédhearcach a sholáthar chun na pleananna Gaeilge a chur i bhfeidhm i gceart. Ba cheart go mbeadh an próiseas sin oscailte don phobal. Ba cheart go mbeadh struchtúr le haghaidh monatóireacht neamhspleách ann, ach níl sin ann. Mar sin, ní bheidh muinín ag an bpobal as na pleananna. Tá muinín iontach ag muintir na Gaeilge as an gCoimisinéir Teanga agus ba cheart go mbeadh seisean i gceannas ar an mhonatóireacht sin.

Tá an Bille seo lochtach. Ní mo thuairim amháin í seo, ach tuairim gach ceann de na heagraíochtaí a raibh muid ag plé leo faoi seo. Is féidir linn stop a chur leis an bpróiseas agus sos a ghlacadh. Is féidir dul ar aghaidh le bac a chur ar na toghcháin don údarás agus an rud seo a phlé i gceart. Is féidir linn an-chuid oibre a dhéanamh i dtaobh na Gaeltachta, obair nach gcosnódh mórán. Ní bheidh costas níos mó ar an Rialtas as seo amach. Tá sé dochreidte nach bhfuil aigne nó intinn nó croí an Aire Stáit oscailte i dtaobh na hathruithe seo. Cén fáth go bhfuil an doras greamaithe aige in aghaidh na Gaeltachtaí? Cén fáth nach bhfuil cluas an Rialtais ar oscailt ar chor ar bith? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag tabhairt seans na rudaí seo a phlé i gceart. Mar adúirt mé cheana, táimid ag fanacht leis an mBille seo le 60 bliain. Tá deis iontach againn anois. Iarraim agus impím ar an Aire Stáit athrú a dhéanamh ar seo anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.