Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

2:00 pm

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)

Ba mhaith liom an obair atá á dhéanamh ag an Aire Stáit a mholadh. Guím gach ráth air leis an mBille seo. Tá súil againn ar fad go gcabhróidh sé lenár dteanga a chaomhnú agus a neartú amach anseo. Tá mé sásta go bhfuil an Bille seo ar úrlár na Dála. Is oth liom a rá go bhfuil an Ghaeilge, cosúil le formhór teangacha dúchasacha an domhain, i mbaol a báis. Is mar sin a bhí sé ó thús an 20ú aois. Ní féidir le éinne praghas a chur ar thábhacht agus fiúntas ár dteanga. Tá focail agus nathanna cainte speisialta ag baint le haon teanga. Tá litríocht aonarach ag baint leis na seanfhocail, na modhanna smaointe, na logainmneacha agus a leithéid. Táimid i mbaol iad a chailliúnt go deo. Is cúis bhróin é sin dom agus don domhan ar fad. Má chailleann muid an Ghaeilge, cailliúnt a bheidh ann don tír ar fad. Is cúis díoma é go bhfuil sé i bhfad níos éasca orainn meas agus tuiscint a bheith again ar fhilí Shasanach ná ar fhilí a scríobh sa Ghaeilge. Má táimid chun ár n-oidhreacht a choimeád beo, caithfimid sár-obair a dhéanamh ar son na Gaeilge. Is léir ón achoimre ar an mBille seo go bhfuil an Ghaeilge ar leaba a báis fiú sa Ghaeltacht. Ba cheart do gach lámh den Stát i bhfad níos mó a dhéanamh chun seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge nuair atá siad ag déileáil leis an Státseirbhís, le dochtúirí nó na gardaí.

Tá mé lán-sásta le halt 11 na Bille seo, a bhaineann le líonraí Gaeilge. Má táimid chun an Ghaeilge a choimeád beo, caithfimid gach spreagadh a thabhairt di sa Ghalltacht, go mórmhór sna cathracha agus sna bailte. Is é sin an fáth go bhfuil alt 11 chomh tábhachtach. Tá obair den scoth déanta ag daoine agus grúpaí ar son an teanga i roinnt áiteanna ar fud na tíre. Bhunaíodar bunscoileanna agus meanscoileanna as a stuaim féin. Bunaíodh eagraíochtaí chun an Ghaeilge agus gach gné de chultúr na hÉireann a chur chun cinn. Tá mé i mo chónaí i gceann de na ceantair sin, Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath. Tá grúpa Muintir Chrónáin ag cur an Ghaeilge chun cinn le nach mór 40 bliain. Tá nach mór deich scoileanna bunaithe timpeall an cheantair agus, mar aschur as sin, tá an Ghaeilge curtha ar fáil do na mílte páistí, roinnt de mo fhoireann ina measc. Bíonn caint, ceol agus rince Gaelach ar siúl sa lárionad thíos in Áras Chrónáin. Mar a dúirt mé cheana, tháinig sé seo ar fad as an obair iontach a rinne grúpa beag de ghnáthdhaoine a raibh suim acu sa Ghaeilge. Ba cheart stádas speisialta a thabhairt d'áiteanna mar seo mar atá i gceist faoi alt 11. Tá a fhios agam go bhfuíl bailte éagsúla eile - Ceatharlach agus Inis, mar shampla - cosúil le Cluain Dolcáin. Tá sé ceart go bhfuil sé scríofa sa Bhille go mbeidh ar áiteanna cosúil le Cluain Dolcáin pleananna a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn.

Cé go bhfuil tús maith déanta againn, caithfear misniú agus brú a chur ar dhaoine an Ghaeilge a úsáid.

Leis an fhírinne a rá, tá sé níos éasca dúinn Béarla a úsáid ná Gaeilge. Ba chóir don Rialtas spreagadh a thabhairt do aon ghrúpa a bhfuil suim aige sa Ghaeilge. I mBaile Átha Cliath, mar shampla, tá club úrnua de chuid Chumann Lúthchleas Gael ina labhrann na baill lena chéile i nGaeilge amháin. Na Gaeil Óga is ainm don chlub agus bunaíodh é dhá bhliain ó shin. Tá an club tar éis fás ó fhoireann amháin d'fhir go ceithre fhoireann anois idir peil, iománaíocht agus peil na mban agus, de réir mar a thuigim, tá foireann camógaíochta ar an tsli acu. Tá club díreach cosúil leis seo tar éis a bheith bunaithe i mBéal Feirsde.

Dá mbéadh a dhóthain suime ann bhéadh sé úsáideach eastáit tithíochta a thógáil le haghaidh clanna a bhfuil suim acu in úsáid na Gaeilge mar theanga laethúil. Tá an ceart ag an Aire go bhfuil sé scríofa san mBille go mbeidh scrúdú le déanamh ar gach líonra Gaeilge a bhfuil dul chun cinn le feiceáil ó thaobh labhairt na Gaeilge de.

Molaim an Bille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.