Dáil debates

Friday, 13 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

1:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Tá géarghá le ghníomhú an-láidir maidir le staid na Gaeilge mar theanga labhartha agus staid na Gaeltachta mar áit a bheidh lán de dhaoine gur féidir leo an Ghaeilge a labhairt go laethúil mar ghnáththeanga. Tá sé scanrúil, mar a léirigh an staidéar chuimsitheach teangeolaíochta ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, go bhfuil aistriú suntasach ó Ghaeilge go Béarla tar éis tarlú sa Ghaeltacht. Tá mé cinnte go bhfuil na torthaí sin fíor, os rud é go bhfuil an aistriú sin le chlos. Tá sé ag tarlú le fada. Is é an rud a screadann an staidéar seo amach ná nach mbeidh ach 15 nó 20 bliain ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht. Caithfear bheith lán-dáiríre faoin dainséar úd. Luaigh an Teachta Ó Cuív gur dúradh 150 bliain ó shin go mbeadh deireadh leis an nGaeilge de bharr brú eacnamaíochta agus imirce, srl., agus nár tharla sé. Is dóigh liom go bhfuil an brú i bhfad níos géire anois, áfach. Tá brú cultúrtha ar an teanga, mar shampla. Is tríd an iliomad meáin cumarsáide - an chuid is mó dóibh i mBéarla - a bhfaigheann daoine óga na Gaeltachta a gcuid eolais agus a théann siad i dteagmháil le ghnéithe an tsaoil mhór a bhaineann lena saoil féin. Dá bhrí sin, caithfear bheith lán-dáiríre i dtaobh an bhrú faoina bhfuil an Ghaeilge. Tá sé cinnte, faraoir, go bhfuil teangacha caillte agus á gcailliúnt fós ar fud an domhain, díreach mar atá plandaí luachmara á dhíothú i bhforaoiseacha an domhain. Is féidir nasc a dhéanamh idir an brú atá ag cur isteach ar an teanga agus an brú atá ag cur isteach ar an bpláinéad ar a mhairimid.

Ní inniu ná inné a tháinig an géarchéim seo chun cinn. Tá bánú na Gaeltachta ag tarlú le fada an lá. Chuir an imirce, go mórmhór, isteach ar an nGaeltacht, ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá an imirce mar fhadhb againn ón nGorta Mór, ar ndóigh. San aois deireanach, bhí ar dhaoine óga na Gaeltachta ó Dhún na nGall, Conamara agus Ciarraí dul thar lear sna tríochaidí, daichidí, caogaidí agus fiú na seascaidí chun postanna a fháil. Mar ghasúir óg sna seascaidí, is cuimhin liom go mbeadh na busanna ag fanacht ar na crosbóithre nuair a bhí an fómhar bailithe isteach agus obair an tsamhraidh déanta chun daoine óga a thógaint go dtí na báid a thógfadh iad go Sasana. Tháinig an rud céanna ar ais i rith géarchéim eacnamaíochta na n-ochtóidí. Faraoir, tá an rud céanna ann anois i saol na ndaoine de bharr na géarchéime eacnamaíochta agus de bharr an pholasaí dian, gealltach na fiacha lofa a bhí ag bancanna móra agus lucht spéacláireachta a íoc. Fiacha iad seo nach raibh baint ag muintir na tíre leo. Cuireann íoc na bhfiacha seo isteach ar gheilleagar agus eacnamaíocht na tíre agus is í an dífhostaíocht ceann de na fadhbanna is mó dá bharr. Tá an dífhostaíocht ag cur isteach go mór ar ghach ceann de na Gaeltachtaí. Ar ndóigh, is iad géarchéim chaipitleachais an lae inniu agus na fadhbanna eacnamaíochta a leanann é bun fréamh an-chuid den bhrú nua atá ar na Gaeltachtaí anois, go bhfuil ar na daoine óga imeacht uathu - agus tá an teanga ag imeacht leo. Tá sin náireach agus dainséarach, go mórmhór don Ghaeilge.

Mar a dúradh cheana, tá an brú cultúrtha ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht ag treisiú in aghaidh an lae. De bharr sin, tá gníomh dearfach láidir ag teastáil. Ach an bhfuil sin sa Bhille seo? Caithfear a rá go bhfuil díomá ar an-chuid daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Cuireann siad fáilte mór roimh an Bhille toisc go bhfuil Bille ann agus go bhfuil díospóireacht ar siúl agus go bhfuil staidéar déanta, ach ba mhaith leo níos mó díospóireachta faoi chuid de na pleananna atá á chur chun cinn i dtreo agus go mbeidh Bille agus Acht dá réir níos fearr maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá gá freisin na fadhbanna a nochtadh dúinn ag daoine go bhfuil suim acu sa scéal seo a phlé, mar shampla, nár deineadh aon athbhreithniú ar theorainneacha na Gaeltachta ó na teorainneacha a leagadh síos i 1956. N'fheadar cén fáth go bhfuil sin amhlaidh, mar cinnte tá leath den daonra atá ag maireachtáil sna Gaeltachtaí anois nach bhfuil Gaeilge á labhairt acu. Tá an t-athrú mór a léirigh an staidéar le 50 bliain anuas le feiceáil taobh istigh de sean teorainneacha na Gaeltachta. I mo thuairim, ba cheart teorainneacha nua réadúla a leagaint síos ionas go mbeadh fíor Ghaeltachtaí againn ina mbeadh tromlach na ndaoine ag labhairt Gaeilge mar theanga laethúil. Cuirfeadh sin dlús leis na Gaeltachtaí maidir le gníomhaíocht iontu. Aon maoiniú ná aon acmhainní a bheadh á chur isteach, ba cheart go mbeadh dlús leo agus na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge láidir fós chun í a choimeád beo iontu.

Maidir leis na limistéir pleanála teanga Gaeltachta, i bprionsabal, más rud e go dtugann siad sin cumhacht do ghnáth daoine agus eagraíochtaí atá ag déanamh ionadaíochta ar ghnáth daoine chun an teanga a chur chun cinn mar teanga laethúil, fáiltím roimh sin. Ach tá imní ar dhaoine maidir leis an maoiniú agus an chabhair agus na hacmhainní a bheidh le fáil ag na heagraíochtaí pleanála. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh acmhainní agus maoiniú ar fáil dóibh. Muna mbeidh, ní bheidh siad in ann an obair chuí a dhéanamh. Is ceist an-thábhachtach í an cheist i dtaobh maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ní cheart go mbeadh na Gaeltachtaí agus na pleananna nua seo thíos de bharr na géarchéime eacnamaíochta agus na ciorruithe atá á chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas poiblí, faoi mar atá ag tarlú i láthair na huaire. Dá bhrí sin, caithfidh an tAire agus an Rialtas na pointí sin a ardú agus caithfidh siad a bheith dáiríre faoi na hacmhainní agus an chabhair a chaithfear a thabhairt.

Tá gníomh láidir ag teastáil chomh maith, ní amháin sa Ghaeltacht ach taobh amuigh den Ghaeltacht agus mór thimpeall na tíre. Tá an-chuid atá dearfach faoin mhéid atá tar éis tarlú le 20 nó 30 bliain anuas. Níl aon dabht ach gur tugadh acmhainn do na Gaelscoileanna atá anois ar fud na tíre, sna cathracha agus sna bailte agus go bhfuil glúin daoine a chuaigh tríd na Gaelscoileanna sin sna fichidí agus níos sine agus go labhraíonn siad fós an Ghaeilge. Mar shampla, labhraíonn siad liomsa í nuair a bhuaileann siad liom. Tá glúin óg, déagóirí agus a leithéid, ann anois go bhfuil an-chumas acu maidir leis an Ghaeilge. Tá an-ghrá acu don Ghaeilge agus teastaíonn uathu go mbeadh an teanga in úsáid acu ina saol laethúil. Ar ndóigh, ní thiocfaidh an Ghaeilge thar nais mar phríomh teanga labhartha na tíre seo ariamh agus caithfimid a bheith réadúil faoi sin. Ach an rud atá uainn agus go gcaithfear a chur i gcrích ná go mbeidh an Ghaeilge i gcónaí ann mar theanga ar chomh-leibhéal. Ó thaobh daonra labhartha, caithfear teanga láidir a bheith againn agus caithfidh buíon an-láidir de dhaoine mór thimpeall na tíre a bheith in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ionas go mbeidh tír dhá theangach againn i gcónaí mar thodhcaí. Tubaiste agus tragóid a bheadh ann dá gcaillfí an teanga. Caithfimid cuimhneamh ar na glúinte atá fós le teacht. Muna mbeidh an Ghaeilge beo céad bhliain ó inniu, beidh sé deacair do dhaoine a tír féin a thuiscint, fiú rud chomh simplí le logainmneacha. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach go dtabharfar chomh maith tacaíocht don teanga taobh amuigh den Ghaeltacht.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus maidir leis an gcaoi go bhfuil an tAire Stáit ag bascadh toghchán díreacha don údarás, is céim siar í sin. Is buille don daonlathas agus do dhaonlathas muintir na Gaeltachta é an cinneadh seo. Measaim nár cheart dul ar aghaidh leis. De réir uachtarán Conradh na Gaeilge:

An bhuairt eile atá ar Chonradh na Gaeilge ná nach mbeidh Údarás na Gaeltachta ionadaíoch ar an bpobal ar a fhreastalaíonn sé air a thuilleadh, de réir mar a sheasann cúrsaí faoin mBille Gaeltachta faoi láthair agus uireasa toghchán poiblí ann do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Tá an-bhaol ann gur ceapacháin pholaitíochta a bheidh sna ceapacháin chun Bhord Údarás na Gaeltachta mura mbíonn aon ionchur ón bpobal i dtoghchán na gcomhaltaí ar an mBord, ná mura mbíonn deis ag baill an phobail cur isteach ar an mBord, fiú má tá na sainscileanna a bheadh in oiriúint d'obair an Údaráis acu.

Céim siar is ea é seo. N'fheadar cén fáth go bhfuil an tAire Stáit agus an Rialtas ag dul síos an bóthar seo. Ní ghlacaim leis, i ndáiríre, gur costas atá i gceist mar ní féidir praghas a chur ar an daonlathas. Mar phrionsabal, ba cheart go mbeadh ionadaíocht díreach ag muintir na Gaeltachta go dtí an t-údarás. Is cinnte go gcaithfear an t-údarás a athrú chun é a dhéanamh níos fearr agus níos éifeachtaí, ach ba cheart an daonlathas a choimeád ag an am céanna.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí cúrsaí eacnamaíochta chun todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé. Má leanann an géarchéim seo ar aghaidh ar feadh na blianta fada, tiocfaidh dlús níos mó fós ar an mbrú atá á chur ar an nGaeltacht i láthair na huaire. Tá an-dáinséar ag baint leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus ag teacht as na polasaithe déine agus ciorraithe atá á gcur i gcrích ag an Rialtas seo, díreach mar an Rialtas deireanach. Tá na daoine óga á thiomáint amach as na Gaeltachtaí. Beidh an fadhb níos measa fós má leanann an cúlú ar aghaidh. Bhí smaointí radacacha agus sóisialaí an-láidir sna Gaeltachtaí ag amanna difriúla. Sna seascaidí agus ag tús na seachtóidí, mar shampla, bhí an-tacaíocht i measc cainteoirí Gaeilge do smaointí ón eite chlé, an sóisialachas agus a leithéid. Tá sé sin ag teastáil arís.

Caithfear cúrsaí eacnamaíochta a athrú bun os cionn agus deireadh a chur leis an gcóras lofa atá ag tabhairt an oiread sin géarchéime do ghnáthdhaoine agus ag bánú pobail mórthimpeall na tíre, na Gaeltachtaí ina measc. Dá mbeadh geilleagar daonlathach sóisialach againn, ina ndéanfaí na n-acmhainní a fhorbairt ar mhaithe le tromlach na ndaoine seachas milliúin a íoc do lucht spéacláireachta na tíre, d'fhéadfaí pleananna agus a leithéid a chur i ngníomh chun deireadh a chur le bánú na Gaeltachta agus imirce na ndaoine óga. Sa chás sin, bheadh cúrsaí geallagair agus eacnamaíochta faoi bhláth agus d'fhéadfadh an ghlúin óg a bhí orthu imeacht teacht ar ais go dtí a n-áiteanna dúchais. Ní féidir labhairt faoi todhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta gan labhairt faoin gcomhthéacs eacnamaíochta agus - mór an trua - faoin ngéarchéim eacnamaíochta agus na polasaithe déine atá ag cur isteach chomh mór agus ag déanamh an oiread sin damáiste don tír agus do mhuintir na tíre agus muintir na Gaeltachta, an ghlúin óg go coitianta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.