Dáil debates

Thursday, 12 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

 

3:00 pm

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an díospóireacht seo a thosú. Tá díomá orm nach bhfuil dóthain ama againn chun an reachtaíocht seo a phlé. Labhair an tAire Stáit mar gheall ar an díospóireacht a tharla sa Seanad. De réir mar a thuigim é, ní raibh Seanadóirí in ann ach 20% de na leasuithe a phlé le linn na díospóireachta sa Teach sin. Níl sé sin maith go leor. Tuigim nach mbeidh ach lá amháin againn an tseachtain seo chugainn chun leasuithe a phlé sa Teach seo. Cén fáth go bhfuil a leithéid de dheifir ar an Rialtas an Bille seo a chríochnú roimh briseadh an tsamhraidh? B'fhearr le go leor eagrais Ghaeilge, Teachtaí Dála agus Seanadóirí go bhfanfaimid go dtí an fhómhair chun an díospóireacht ar an mBille seo a thabhairt chun críche.

Tá na heagrais Ghaeilge ag súil le Bille na Gaeltachta le blianta anuas. Is féidir an rud céanna a rá faoi éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Mar a dúirt an tAire Stáit, tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille seo - próiseas reachtúil pleanála teanga a struchtúrú chun tacú leis an Ghaeilge agus leasuithe a dhéanamh ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Dúirt sé go gcuirfidh sé béim ar na critéir pleanála teanga in áit na critéir tíreolaíochta a úsáideadh roimhe seo. Aontáim leis an Aire Stáit sa mhéid sin. Aontaím freisin gurb é an reachtaíocht seo an deis deireanach chun an Ghaeltacht a shábháil.

Is í an fhadhb is mó atá agam leis an reachtaíocht seo ná go bhfuil níos mó cumhachta a thabhairt don Aire Stáit. Tá an Bille lag i dtaobh na sonraí agus na mionrudaí atá sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá sé ag dul in aghaidh an daonlathas. Dúirt an tAire Stáit go dtiocfaidh coigilt de €500,000 as Cuid 3 den Bhille os rud é nach mbeidh toghchán ann. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Dá mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar siúl ar an lá céanna le olltoghchán, toghcháin áitiúil nó reafrainn, ní bheadh an costas chomh mór sin. B'fhéidir go mbeadh sé idir €10,000 agus €15,000.

Tá an daonlathas an-tábhachtach. Caithfimid é a chur sa phríomh-áit. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit maidir leis an gcúigear comhalta a bheidh á roghnú ag comhairleoirí contae i nDún na nGall, Gallimh, Maigh Eo agus Ciarraí. Os rud é go bhfuil comhairleoirí de chuid páirtithe an Rialtais i gcumhacht sna ceantair sin, sa chuid is mó, is dócha go roghneoidh siad daoine óna bpáirtithe féin. Caithfidh mé a rá go dtarlódh an rud céanna dá mbeadh Fianna Fáil nó aon páirtí eile i gcumhacht. Tá súil agam go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ag dul ar aghaidh sa chás sin, áfach.

Is rud bunúsach é an daonlathas a chur chun cinn. B'fhéidir go n-athróidh an Aire Stáit a intinn mar gheall ar na toghcháin. B'fhearr iad a chur ar siúl chun seans a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta a gcuid vótaí a chaitheamh. Dé réir mar a thuigim an Bille, ainmeoidh an Aire Stáit seachtar comhalta an bhoird. An mbeidh comhchoistí Tithe an Oireachtais ag plé leis an gceist bunúsach sin? Uaireanta, is féidir le Aire áirithe cathaoirleach ar bhord éigin a ainmniú. Táimid ag féachaint ar an bpróiseas sin le blianta. Céard faoin cúigear comhalta eile? Os rud é nach mbeidh aon toghchán ann, an mbeidh daoine in ann iarratais ar na poist sin a chur isteach?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.