Dáil debates

Thursday, 12 July 2012

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Second Stage

 

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Cuireann sé áthas mór orm, mar Aire Stáit le cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta, agus mar ionadaí poiblí de bhunadh na Gaeltachta, tús a chur leis an díospóireacht ar Bhille na Gaeltachta 2012 i nDáil Éireann tráthnóna inniu. Mar is eol don Teach, tionscnaíodh an Bille seo i Seanad Éireann agus chríochnaigh sé gach Céim sa Teach sin tráthnóna inné. Is Bille gairid é Bille na Gaeltachta 2012, le 25 alt i gceithre Chuid agus Sceideal. Mar sin féin, creidim gur Bille thar a bheith tábhachtach é a mbeidh dea-thionchar aige ar chur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre ar feadh na mblianta amach romhainn. Ní mór dúinn cuimhneamh gurb í seo an chéad uair ó 1956 go bhfuil aird á tabhairt, trí reachtaíocht, ar an ghá atá le brí nua a thabhairt don Ghaeltacht agus le haitheantas a thabhairt do phobail eile sa Stát a thugann tacaíocht don Ghaeilge.

Tuigeann muid ar fad na hathruithe móra sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus déimeagrafacha atá tagtha ar an Ghaeltacht sa tréimhse 56 bliana atá caite ón phíosa reachtaíochta deireanach. An uair sin, bhí daonra iomlán de 86,000 duine sa Ghaeltacht. Tá an figiúr sin méadaithe go dtí 97,000 duine inniu. Ar an drochuair, áfach, níl líon na gcainteoirí a úsáideann an Ghaeilge go laethúil ag méadú dá réir. De réir dhaonáireamh 2011, níl ach 24% de dhaonra na Gaeltachta, nó 23,175 duine, ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tugann an figiúr seo léargas iontach soiléir dúinn ar staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht inniu, agus ar a riachtanaí agus atá sé bearta nua samhlaíocha a thógáil chun na dúshláin a shárú agus tacaíocht a thabhairt do na pobail sin atá tiomanta don oidhreacht shainiúil speisialta atá acu a chaomhnú do na glúine a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt fosta don líon mór teaghlach agus pobal atá tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Is comhartha dóchais é go bhfuil 1.77 milliún duine sa Stát anois a deir go bhfuil eolas acu ar an nGaeilge. Úsáideann 77,000 duine an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus níl amhras ar bith ach go bhfuil dea-thoil fhorleathan don Ghaeilge i measc an phobail i gcoitinne. Tugann sé seo ar fad dúshraith mhaith dúinn le tógáil uirthi agus muid ar ár ndícheall ag iarraidh na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge a bhaint amach. Ba mhaith liom léargas gairid a thabhairt daoibh ar phríomhchuspóirí agus ar phríomhfhorálacha an Bhille. Tá dhá phríomhchuspóir ag an mBille - foráil a dhéanamh maidir le próiseas reachtúil pleanála teanga chun tacú leis an Ghaeilge, agus foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta.

Maidir leis an phróiseas reachtúil pleanála teanga, déantar foráil leis an mBille maidir le hainmniú na Gaeltachta reatha mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Chun na críche sin, bainfear úsáid as critéir pleanála teanga a bheidh leagtha síos i rialacháin. Tá gá leis an gcur chuige seo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú suntasach teanga atá ag tarlú sa Ghaeltacht. Léiríonn an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht i bhfianaise phátrún labhartha teanga an aosa óig, ach go háirithe, go bhféadfadh sé nach mbeadh ach saolré 15 go 20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaeltacht, mura ndéanfar gníomh práinneach ina leith seo. Is mar gheall ar an tuar sin go bhfuil forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ina ghné lárnach den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Dá bhrí sin, tabharfaidh an reachtaíocht seo feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail do 19 limistéar pleanála teanga faoi leith sa Ghaeltacht, faoi réir rialacháin a shaineoidh na critéir pleanála teanga.

Tá na ceantair a bheidh á roghnú le bheith mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta bunaithe cuid mhaith ar na limistéir pleanála atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin, ach ag tógáil san áireamh nithe ar nós cúrsaí teanga, cúrsaí tíreolaíochta, struchtúir pobail agus dlús daonra. Ós rud é go bhfuil baint lárnach ag an údarás leis an bhforbairt phobail sa Ghaeltacht agus go bhfuil sé ag maoiniú eagraíochtaí pobalbhunaithe éagsúla, ar nós comharchumainn agus comhlachtaí forbartha, beidh ról ag an údarás maidir le cúnamh a thabhairt do phobail i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir seo. Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh gach ceantar atá sa Ghaeltacht faoi láthair ag fáil deis páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga. Chomh maith leis sin, tá forálacha sa Bhille chun gur féidir leis an Aire ceantair a scor de bheith ina limistéir Ghaeltachta ar an mbunús go dtograíonn siad gan a bheith páirteach sa phróiseas nó nach bhfuil pleananna teanga á gcur i bhfeidhm ar bhonn sásúil.

Déantar foráil leis an mBille fosta maidir le bailte seirbhíse Gaeltachta a ainmniú. Is é atá i gceist leis seo ná bailte atá suite i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, nó taobh leo, agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar do na limistéir sin. Chun go ndéanfar ainmniúchán mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, beidh ar eagraíocht i mbaile den sórt sin plean teanga a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú. Déanfaidh Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, ag brath ar cibé acu atá an baile suite laistigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta nó lasmuigh díobh, cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna bailte sin. Mar atá ráite agam, is tuar dóchais é an méid atá ar siúl i bpobail éagsúla lasmuigh den Ghaeltacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach nach mbeidh an próiseas pleanála teanga teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair.

Baineann alt 11 den Bhille le pobail teanga atá lasmuigh de limistéir pleanála teanga Ghaeltachta a ainmniú mar líonraí Gaeilge, nó limistéir a bhfuil bun-mhais chriticiúil bainte amach acu i dtaca le tacaíocht phobail agus tacaíocht Stáit don Ghaeilge agus a bhfuil pleananna teanga ullmhaithe ina leith. Beidh ról ag Foras na Gaeilge maidir le cúnamh a thabhairt d'eagraíochtaí i ndáil le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga i líonraí Gaeilge. Foráiltear le halt 12 den Bhille go ndéanfaidh an tAire, le rialachán, na critéir pleanála teanga a úsáidfear i leith pleananna teanga i leith limistéar pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge a fhorordú. Tá réamhullmhúchán déanta cheana ag mo Roinn chun critéir shamplacha, a chuimseoidh gach gné de shaol an phobail, a fhorbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Tá na critéir seo foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie. Tá aitheantas poiblí tugtha agamsa go minic cheana don obair cheannródaíoch atá déanta ag Údaras na Gaeltachta ag forbairt na Gaeltachta le breis agus 30 bliain. Cuirfidh na hathruithe atá beartaithe sa Bhille seo dlús leis an obair sin agus ginfidh na feidhmeanna breise Gaeilge-lárnaithe atáthar ag tabhairt don údaras misneach agus fuinneamh nua san eagraíocht.

Déantar na forálacha seo a leanas leis an Bhille: (i) deireadh a chur leis an gceanglas i ndáil le toghcháin

dhíreacha chun bord Údaras na Gaeltachta; (ii) laghdú a dhéanamh ar an líon cómhaltaí ar an bhord ó 20 go 12; foráil a dhéanamh maidir le comhairlí contae, a bhfuil limistéir Gaeltachta laistigh díobh, d'ainmniú cúig chómhalta den bhord lena gceapadh ag an Aire, agus foráil a dhéanamh maidir leis an Aire do cheapadh na seachtar gcomhalta eile; (iii) feidhmeanna breise a thabhairt don údaras maidir le pleanáil teanga agus cur chun cinn teanga sa Ghaeltacht; (iv) deireadh a chur le coistí reachtúla réigiúnacha an údarais; (v) laghdú a dhéanamh ar mhéid an choiste meastóireachta reachtúil; (vi) a chumasú don Aire a ordú don údaras infheistíocht a dhéanamh in earnalácha áirithe fiontraíochta; agus (vii) foráil a dhéanamh i dtaobh nithe gaolmhara eile.

De bharr na leasuithe atáthar ag déanamh ar alt 8 d'Acht Údarás na Gaeltachta 1979, soiléireofar go bhfuil cúram reachtúil ar an údarás maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn.

Mar is eol do Theachtaí, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas deireadh a chur le toghcháin do bhord an údaráis. Mar aitheantas don traidisiún láidir daonlathais atá ag baint leis an bhord áfach, tá gné dhaonlathach de cheapadh na gcomhaltaí a coinneáil. Déanfaidh comhairlí contae, a bhfuil limistéar Gaeltachta nó limistéar pleanála teanga Gaeltachta suite ina ndlínse, cúig chomhalta den bhord a ainmniú as measc na gcomhaltai tofa. Déanfar ceathrar comhalta den chúigear sin a ainmniú as measc chomhaltaí tofa chomhairlí contae chontaetha Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chiarrai agus beidh siad ina n-ionadaithe ar feadh an téarma iomláin oifige. Déanfar an t-ainmniúchán eile a líonadh ar bhonn sealaíochta uair amháin gach dhá bhliain trí chomhalta tofa a bheith ainmnithe ag ceann amháin de na comhairlí contae ina bhfuil limistéir bheaga Ghaeltachta, is iad sin Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí.

I gcás nach féidir le comhairle contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna nach bhfuil an duine ar fáil nó go bhfuil sé nó sí mí-oiriunach, féadfaidh an chomhairle sin duine seachas ionadaí tofa a ainmniú. Is é an t-Aire a cheapfaidh na seacht gcomhalta eile, lena n-áirítear an cathaoirleach.

Tá sé tábhachtach a nótáil go mbeidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le nithe a bhaineann le feidhmeanna an údarais, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge, rud atá thar a bheith tábhachtach.

Beidh sábháiltí airgid ag eascairt ón Bhille. Meastar gurb é a bheidh sa tsábhail a leanfaidh as Cuid 3 den Bhille a bhaineann le bond Údaras na Gaeltachta ná tuairim is €100,000 sa bhliain agus sábháil suas go €500,000 gach cúig bliana. Ní shamhlaítear go leanfaidh aon chostais bhreise don Státchiste as na codanna eile den Bhille mar go mbeidh siad á gcur i gcrích laistigh den soláthar a bheidh ceadaithe ón Státchiste, trí phróiseas na Meastachán.

Ba mhaith liom cupla focal a rá maidir le nithe atá tagtha chun cinn ón uair gur foilsíodh an Bille an mhí seo caite. Tá cáineadh déanta ar an Bhille mar gheall ar easpa comhairliúcháin phoiblí agus easpa ama a líomhnaítear a bheith tugtha don díospoireacht i dTithe an Oireachtais. Ní ghlacaim leis na líomhaintí seo ar chor ar bith. Is mar gheall ar thréimhse fhada comhairliúcháin phoiblí ag dul siar blianta atá an Bille seo tagtha ar an fhód. D'eascair na comhairliúcháin phoiblí seo as tionscnaimh agus próisis eagsúla ar a n-áiritear Coimisiún na Gaeltachta, an staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an Straiteis 20 Bliain don Ghaeilge. Anuas air sin, bhí comhairliúcháin phoibli ann maidir le hÚdaras na Gaeltachta agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Creidimse go láidir gur gníomh atá ag teastáil anois seachas tuilleadh cainte.

Tugadh thart ar dheich n-uaire an chloig don díospoireacht ar an Bhille sa tSeanad le coicís anuas. Faoin am a mbeidh sé imithe trí gach chéim sa Dail, beidh tuairim is fiche uair a chloig díospóireachta déanta air idir an dá Theach. Dá bhrí sin, ní thuigim conas gur féidir a rá nár tugadh deis do Thithe an Oireachtais forálacha an Bhille a chíoradh go mion. Is mór an méid ama 20 uair a chloig san dá Theach do Bhille a raibh súil againn leis agus a bhfuil an oiread sin plé déanta mar gheall air le blianta anuas.

Cuireadh thart ar 160 leasú síos ar an Bhille agus é ag dul trí na céimeanna éagsula sa tSeanad. Bhí téamaí comónta ag rith trí go leor de na leasuithe sin agus déanfaidh mé iarracht anois blas de na téamaí sin a thabhairt don Teach seo.

Moladh, mar shampla, gurb é Údaras na Gaeltachta a dhéanfadh na pleananna teanga a ullmhú i gcomhar le heagraíochtaí pobail sna limistéir pleanála teanga Gaeltachta. Téann an smaointeoireacht seo i gcoinne an choincheap gurb iad na pobail atá lárnach don phróiseas pleanála teanga ina gceantair féin agus gur chóir go mbéadh siad i gceannas ar an phróiseas dá réir. Is iad muintir na Gaeltachta, lucht labhartha na teanga, na daoine a mbeimid ag brath orthu ins na blianta amach romhainn chun an teanga a labhairt agus a choinneáil beo. Is í an fhealsúnacht atá taobh thiar den mBille ná go mbeidh ról lárnach ag na pobail in ullmhú na bpleananna teanga. Mar atá an Bille leagtha amach, tá an Stát ag tabhairt tacaíochta do na pobail trí Údaras na Gaeltachta, a bheidh ag tabhairt cúnaimh do na heagraíochtaí pobail pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Mar sin, beidh páirt lárnach ag na pobail Gaeltachta i gcur na bpleananna le chéile agus beidh cuidiú, tacaíocht agus comhairle le fáil ó Údarás na Gaeltachta agus ó dhreamanna eile a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí pleanáil teanga.

Moladh fosta gan aon ról a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge maidir le cuidiu a thabhairt d'eagraíochtaí aitheantas a fháil do bhailte seirbhíse Gaeltachta aaa taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní thig liom aontú leis an leasú seo ar dhá chuis. Ar an chéad dul síos, níl sé i gceist ag an Rialtas feidhmeanna breise a thabhairt do Údaras na Gaeltachta lasmuigh den Ghaeltacht mar atá sí sainithe faoi láthair. Go stairiúil, tá Údaras na Gaeltachta ag plé leis na ceantair Gaeltachta on bhliain 1980 agus leanfaidh sé de bheith ag plé leo faoin Bhille seo. Ar an dara dul síos, tá raon leathan feidhmeanna ag Foras na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann agus tá an méid atá beartaithe faoin Bhille ag teacht lena fheidhmeanna agus lena ghníomhaíochtaí.

Díreoidh mé anois ar leasuithe a moladh maidir le feidhm a thabhairt don Choimisinéir Teanga sa Bhille. Cé go dtuigim an bunús a bhí leis na leasuithe seo, is é sin go mbéadh an t-Aire scartha on bpróiseas a bhaineann le gnéithe éagsula den phróiseas pleanála teanga a chur i bhfeidhm, tá mé sasta go bhfuil an cur chuige atá rianaithe sa Bhille cóir, réasúnta agus oiriúnach. Sa chéad áit, tá deighilt an-soiléir feidhmeanna déanta sa Bhille maidir le ról na Roinne agus róil Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge faoi seach. Is iad Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a bheidh ag cuidiú le heagraíochtaí pleananna teanga a ullmhú i gcomhar limistéir pleanála teanga Gaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge. Is é an t-Aire a bheidh freagrach as na pleananna sin a fhaomhadh faoi réir critéir shainiúla. Ar an dara dul síos, is é Údaras na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, mar is cuí, a chuideoidh le heagraíochtaí na pleananna teanga a chur i bhfeidhm ar an talamh. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an t-Aire athbhreithniú treimhsiúil ar an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le cur i bhfeidhm an phlean agus, chun na críche sin, rachaidh an t-Aire i gcomhairle le hÚdarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar is cuí. Tabharfar deis aon laigí a aithneofar i bpleananna teanga a leigheas thar thréimhse ama. Léiríonn an próiseas seo go bhfuil deighilt shoiléir ann maidir le feidhmeanna an Aire agus feidhmeanna na ngníomhaireachtaí.

Árdaíodh ceisteanna freisin sa tSeanad maidir le rangú na Gaeltachta i gcatagóirí A, B agus C, mar a moladh sa staidéar cuimsitheach teangeolaioch. Faoin chur chuige atá beartaithe sa Bhille seo, beidh deis á tabhairt do na pobail éagsula i 19 de limistéir pleanála teanga plean cuimsitheach dá gceantair a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar le hÚdaras na Gaeltachta. Ciallaíonn an cur chuige seo go bhfuil dlús substaintiúil daonra sna limistéir éagsúla agus go mbeidh mórphlean teanga le réiteach i leith 19 de na limistéir sin. Tabharfaidh an mórphlean seo aitheantas do na cúinsí teanga éagsúla taobh istigh de gach limistéar pleanála teanga. I gcás na bpobal sin ina labhraíonn móramh na ndaoine Gaeilge, beidh béim ar chosaint na Gaeilge mar ghnáth-theanga an phobail. I gcás pobail eile nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir céanna iontu, beidh béim ar na gréasáin phobail Ghaeilge atá iontu a láidriú.

Tá leasuithe molta fosta maidir le comhaltaí a thoghadh do bhord Údarás na Gaeltachta trí thoghcháin dhíreacha. Mar atá mínithe agam, tá cinneadh déanta ag an Rialtas deireadh a chur leis an modh ceapacháin seo agus líon na gcomhaltaí ar bhord an údaráis a laghdú ó 20 comhalta go 12. Déanfar na comhaltaí a cheapadh ar bhealach oscailte agus trédhearcach a thugann aird ar ghné an dhaonlathais. Tá ceisteanna ardaithe chomh maith maidir le tréimhse ionadaíochta níos giorra a bheith tugtha ar bhord an údaráis do na contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta níos lú iontu. Ba mhaith liom a threisiú go mbeadh sé dodhéanta freastal ar mhianta ionadaíochta gach pobal, go háirithe leis an líon comhaltaí laghdaithe go mór ar bhord an údaráis. Is é an príomhsprioc ná go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi threoir bord atá éifeachtach, cumasach agus tiomanta chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

Le hachtú an Bhille seo, beidh céim mhór tógtha maidir le gnéithe tábhachtacha den straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i gcrích. Beidh ról ceannasach ag eagraíochtaí pobail taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht obair i gcomhpháirtíocht leis an Stát maidir le pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú dá gceantair. Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh borradh úr le brath faoi úsáid na Gaeilge ar bhonn forleathan sna blianta beaga amach romhainn mar thoradh ar an mBille seo. Maireann teanga mar gheall ar mhórtas an phobail. Tá mé lándóchasach, leis an spreagadh ceart ón Stát, go bhfuil pobail ann ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre atá sásta dul i ngleic leis an dúshlán an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh mar theanga theaghlaigh agus phobail don chéad ghlúin eile.

Beidh deis anois ag baill an Tí seo tuairimí a nochtadh faoina bhfuil sa Bhille. Tá mé ag súil go mór éisteacht leo. Ba thógáil croí dom, i ndíospóireachtaí a bhí againn anseo cheana, an dea-mhéin a léiríodh agus an tacaíocht a tugadh do cheisteanna agus rúin a bhain leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Tá súil agam go mbeidh an dea-mhéin agus an tacaíocht chéanna ar fáil ar bhonn traspháirtí don reachtaíocht tábhachtach seo. Mar sin, molaim an Bille don Teach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.