Dáil debates

Tuesday, 3 July 2012

Education (Amendment) (Protection of Schools) Bill 2012: Second Stage [Private Members]

 

9:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Tá mé an-bhródúil go raibh seans agam obair leis an bhfeachtas Sábháil Ár Scoileanna Beaga. Tá an-taithí agam ar an bhfadhb seo. Thug mé cuairt ar an méid sin scoileanna i gContae na Mí agus i gContae na hIarmhí agus tá faitíos an domhain ar mhuintir na tuaithe faoin mbeartas atá an Rialtas seo ag cur i bhfeidhm. Tá mo chomhghleacaithe, na Teachtaí Seán Crowe agus Pearse Doherty, le caint faoi na gnáthscoileanna beaga amárach ach ba mhaith liom díriú isteach ar na scoileanna Gaeltachta.

Is scoileanna beaga iad formhór na scoileanna Gaeltachta, rud a chuireann sa bhearna bhaoil iad sa chóras nua atá á chur i bhfeidhm. Deirtear go bhfuil trí oide nó níos lú in 70% de na scoileanna beaga.

Tá na scoileanna seo lárnach do oideachas na bpáistí atá cóngarach dóibh. Cosúil leis na gnáth scoileanna, tá siad tábhachtach ó thaobh láidreacht an phobail. Tá siad mar chroí atá ag preabadh i gceantair iargúlta atá tar éis an-chuid a fhulaingt. Ceantair iad a chaill daoine don imirce agus a chaill poist, stáisiúin gardaí, siopaí, oifigí poist agus, fiú, tithe tábhairne. Tá an-chuid fulaingthe ag na ceantair sin. Anois, tá an Rialtas ag bualadh an bhuille seo orthu. Tá na scoileanna ar an áis dheireannach chun beocht a choimeád sna pobail seo. In ainneoin sin, beidh bagairt uafásach orthu.

Tá ról eile ag na scoileanna Gaeltachta, ról eisceacht nach féidir cur ina ionad. Tá na scoileanna Gaeltachta ar cheann des na príomh úirlisí chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a cosaint beo, chun fuinneamh a spreagadh, agus chun an Gaeilge a seachadadh don chéad ghlúin eile. De réir an staidéar chuimsitheach theangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge, beidh an Ghaeilge sa Ghaeltacht marbh i gceann 20 bliain, muna dtugann an Rialtas tacaíocht agus cúnamh di.

Aontaíonn móramh na ndaoine sa tír seo gur rud dlúth riachtanach í an Ghaeilge dár bhféiniúlacht. Is í an Ghaeltacht tobar na teanga. Muna maireann an Ghaeilge mar theanga nádúrtha sa Ghaeltacht, ní mhairfidh saibhreas na Gaeilge sa tír uilig. Is ionann ionsaí ar scoileanna Gaeltachta agus ionsaí ar an nGaeltacht féin. Is ionann ionsaí ar scoileanna Gaeltachta agus ionsaí ar chultúr na tíre.

An rud is úafásaí ná nach gcaithfidh an Rialtas dul síos an bóthar seo. Tá sé ag iarraidh na scoileanna beaga ar fud na tíre a dhúnadh ag an am a bhfuil sé ag tabhairt na mbilliún euro dos na bannaí bainc.

Níl bunús oideachasúil ag baint leis an mbeart seo. B'fhéidir go bhfuil bunús eacnamaíoch gearthéarmach ag baint leis, ach ná déantar dearmad go mbeidh costas ann freisin. Caithfidh an Rialtas dhá scoil a chur le chéile, seomraí ranga breise a thógáil, áiseanna nua a chruthú agus córais taistil a chur ar fáil. Cruthóidh an polasaí seo coimhlint idir na pobail a bhéas ag cailliúint na scoileanna, an Stát, agus na pobail a bhéas ag coinneáil scoileanna agus a bhéas ag fáil achmhainní nua.

Tá slí eile chun airgead a shábháil. Ar smaoinigh an Rialtas ar pholasaí chomhshnaidhme a chur i bhfeidhm? B'fhéidir gur cheart go bhfanfadh dhá scoil san dá shuíomh ina bhfuil siad agus go gceapfaí príomhoide, bord bainistíochta, rúnaí agus foireann múinteoireachta amháin ar an dá scoil.

Ní mór an córas oideachais a thógáil thart timpeall na leanaí in ionad na leanaí a thógaint as a gceantair féin gach maidin. Ní mór dúinn an Ghaeltacht a treisiú in ionad í a lagú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.