Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cinnte gur comhlacht tábhachtach é, chomh fada agus a bhaineann sé leis an iarthar. Sílim go bhfuil beagnach scór duine ag obair sa chomhlacht faoi láthair. Níl a fhios agam an bhfuil 500 bainteoirí feamainne, ach tá 250 dóibh ar a laghad. Tá eolas agam faoin gcomhlacht seo. Go dtí blianta beaga anuas, bhí cuid de lonnaithe i mo cheantar féin ar an gClochán Liath. Tá sé lonnaithe go hiomlán i gConamara ó rinneadh cónascadh air.

Tuigeann Údarás na Gaeltachta go bhfuil féidireachtaí móra ag an gcomhlacht. Is é sin an fáth gur ghlac Údarás na Gaeltacht sealbhaíocht iomlán ar an gcomhlacht i 2006. Tuigeann an t-údarás freisin go bhfuil gá le rudaí eile a thabhairt isteach, ar nós saineolas ar chúrsaí feamainne, scileanna, taighde, acmhainní agus infheistíocht. Is é sin an fáth go bhfuil an t-údarás i dteagmháil le comhlacht eile. Tá scrúdú á dhéanamh acu ar conas is féidir na riachtanaisí seo a chur ar fáil, sa dóigh is gur féidir linn méadú mór a chur ar líon na ndaoine atá ag cur feamainn ar fáil nó ag obair sa mhonarchan. Is ar mhaithe le fostaíocht, eacnamaíocht na Gaeltachta agus an Ghaeilge atá na cainteanna seo ag dul ar aghaidh. Tá súil agam go n-éireoidh leo. De réir mar a thuigim é, tá an próiseas ag dul ar aghaidh. Mar a dúirt mé, fostaíocht atá i gceist sa deireadh thiar thall. Is cuma má tá Údarás na Gaeltachta, nó comhlacht ar bith eile a bhfuil na buntáistí seo acu, mar scairshealbhóir iomlán. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil na poist ar fáil. Má tá infheistíocht breise ag teacht isteach, b'fhéidir as comhlacht idirnáisiunta atá in Albain agus i gCalifornia, cuirfidh mé fáilte roimhe. Má tá an infheistíocht sin á dhéanamh, caithfidh mé fáilte a chur roimhe. Tá mé cinnte go gcuirfidh an Teachta fáilte roimhe chomh maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.