Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 10 agus 471 le chéile.

Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Arramara Teoranta agus, dá bhrí sin, níl aon ról agamsa mar Aire Stáit maidir le bainistiú na fochuideachta. Tuigtear dom, áfach, go bhfuil próiseas idir lámha ag Údarás na Gaeltachta chun páirtnéir straitéiseach a aimsiú don chomhlacht agus go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh leis an bpróiseas sin. Aithníonn Údarás na Gaeltachta an poitéinseal fáis agus forbartha atá ag an earnáil próiseála feamainne, agus tá mé dóchasach, dá bharr, go rachfaidh an próiseas atá idir lámha chun leasa Arramara Teoranta, a chuid fostaithe, lucht bainte feamainne agus na hearnála i gcoitinne. Feidhmíonn Údarás na Gaeltachta faoi réir fhorálacha na nAcht um Údarás na Gaeltachta 1979 go 2010 ina chuid gnóthaí féin agus i dtaca le gnóthaí a chuid fochuideachtaí. Níl aon ról agamsa ná ag mo Roinn, dá bharr, i ndáil le gníomhaíochtaí an údaráis nó a chuid fochuideachtaí ó lá go lá.

Tuigtear dom go bhfuil iar-fhostaí amháin de chuid an údaráis fostaithe mar bhainisteoir ginearálta ar Arramara Teoranta. Is conradh fostaíochta sealadach seacht mí ó thús na bliana atá i gceist toisc gur éirigh an bainisteoir ginearálta a bhí ann go dtí sin as oifig dá rogha féin. Ó tharla go bhfuil próiseas ar bun maidir leis an bhfochuideachta Arramara nó sciar de a dhíol, tuigtear dom go raibh gá le leanúnachas tréan bainistíochta a chinntiú san fhochuideachta agus nach raibh sé praiticiúil an post áirithe seo a fhógairt don tréimhse ghairid a bhí i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.