Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Freagróidh mé ceisteanna an Teachta Tóibín ar dtús. Gabhaim buíochas lena bhfuil ráite aige. Beimid sásta suí síos leis an Teachta aon uair agus aon mholadh atá aige a phlé. Tá mo dhoras oscailte gach lá a bhfuil mé anseo i mBaile Átha Cliath. Dála an scéil, bhí ceannaire Shinn Féin istigh againn cheana féin, cúpla mí ó shin, le cuid dá chomhghleacaithe agus bhuail mise agus an tAire, an Teachta Deenihan, leis. Phléamar cúrsaí Gaeilge, cultúrtha agus teanga, agus bhí an-chomhthuiscint eadrainn. Beidh fáilte roimh an Teachta freisin. Aon uair a bhím i gContae na Mí, bíonn an Teachta ann. Tá sé an-díograsach agus dícheallach i mbun a chuid dualgas ansin. Bíonn fáilte roimhe i gcónaí agus bíonn lúcháir agus áthas orm é a fheiceáil. Táimid ag lorg moltaí ón bpobal a chuirfidh leis an bplean atá againn 250,000 duine a bheith ag labhairt Gaeilge go laethúil sa tír. Má éiríonn linn sin é a bhaint amach, beidh mé lán sásta. B'fhéidir nach mbeidh mé beo nuair a bheidh an 20 bliain suas, ach ar a laghad beidh mé thar a bheith sásta go bhfuil sé bainte amach againn.

Maidir leis an cheist a chur an Teachta Kitt i dtaobh an scrúdú béil, mar atá ráite agam, thosaigh an ardteistiméireacht inniu leis an scrúdú Bhéarla. Cuirim fáilte roimh an cinneadh a rinne an tAire Oideachais agus Scileanna go mbeidh 40% de na marcanna ag dul don scrúdú béil. Tá éisteacht, labhairt agus scríóbh sa scrúdú agus tá labhairt na teanga thar a bheith tábhachtach. Sílim go mbeidh tionchar mór ag seo ar labhairt na Gaeilge. Ní fhéadfaí baoite níos fearr a bheith againn le bheith ag tabhairt ar dhaoine an teanga a labhairt ná béim a bheith ar labhairt sa scrúdú. Is féidir le daltaí altanna agus aistí a scríobh atá de ghlan mheabhar acu, ach tá sé iontach tábhachtach go bhfuil cumas labhartha acu, agus aontaím ar fad le sin. Beidh sé le feiceáil sna cúpla bliain amach romhainn cad é an feabhas a thiocfaidh ar labhairt na Gaeilge ag an leibhéal sin. Seo iad na daoine a bheidh ag dul isteach sna choláistí oiliúna le bheith ina múinteoirí, agus tá sé iontach tábhachtach go mbeadh cumas Gaeilge acu fá choinne í a thabhairt don chéad glúin eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.