Dáil debates

Wednesday, 6 June 2012

 

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 7, 8 agus 28 le chéile.

I gcomhréir lena bhfuil ráite i gclár an Rialtais, tá sé mar thosaíocht ag mo Roinnse tacú leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm agus tabhairt faoi na spriocanna indéanta atá luaite inti. Cé go dtréaslaím leis an tionscnamh "Líofa 2015" i dTuaisceart Éireann, a bhfuil sé mar aidhm aige 1,000 duine a spreagadh ó thuaidh chun líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach faoin mbliain 2015, ní miste a rá go bhfuil sé mar aidhm againne sa dlínse seo líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú go 250,000 duine thar shaolré na straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Sa chomhthéacs seo, ba mhaith liom aird na dTeachtaí a tharraingt ar bhearta ar leith a bhfuil tosaíocht á tabhairt dóibh. D'fhógair mé an clár tacaíochta teaghlaigh ar an 26 Aibreán, a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht. Faoin gclár seo, tá mo Roinnse ag tabhairt faoi 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a gclann a thógáil le Gaeilge. Mar shampla, tá tús curtha ag mo Roinnse, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, le feachtas feasachta chun na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge a chur in iúl do mháithreacha atá ag súil le páiste nó a bhfuil páiste nuabheirthe acu.

Tá i gceist ag mo Roinn freisin forbairt a dhéanamh ar scéim na gcúntóirí teanga chun freastal níos fearr a dhéanamh ar pháistí i scoileanna Gaeltachta chun a gcuid Gaeilge a shealbhú agus a shaibhriú.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach nach bhfuil an Ghaeilge ceangailte leis an scoil amháin in intinn an pháiste agus, dá bhrí sin, tá sé beartaithe forbairt a dhéanamh ar scéim na gcampaí samhraidh chun díriú ar raon níos leithne páistí ó thrí bliana d'aois go 14 bliana d'aois, agus béim bhreise a chur ar na gníomhaíochtaí a thacóidh le saibhriú teanga.

Chomh maith leis sin, tá sé i gceist cur chuige nua a fheidhmiú le déagóirí na Gaeltachta chun cur ina luí orthu gur buntáiste breise í an Ghaeilge dóibh. Tá sé beartaithe cúrsaí oiliúna faoi leith a chur ar bun do dhéagóirí ón nGaeltacht a bhfuil Gaeilge líofa acu ionas go mbeidh siad ábalta dul ag obair mar chúntóirí sna coláistí Gaeilge. Tá sé beartaithe fosta tacaíocht a chur ar fáil do na coláistí Gaeilge chun na déagóirí seo a fhostú mar chúntóirí ar chúrsaí Gaeilge faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge de chuid mo Roinnse.

Maidir leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, a d'fhógair mé ar an 26 Aibreán, táim ag súil an Bille Gaeltachta 2012 a fhoilsiú go han-luath. Tabharfar feidhm reachtúil faoin mBille don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh plean teanga á ullmhú ag leibhéal an phobail d'achan cheantar Gaeltachta. Tá sé i gceist faoin bpróiseas pleanála teanga go mbeidh an Ghaeltacht roinnte i 19 ceantar pleanála teanga ar leith. Bunaíodh na ceantair seo ar cheantair phleanála Údarás na Gaeltachta, ag tógáil san áireamh cúinsí teanga, cúinsí tíreolaíocha, struchtúir pobail agus dlús daonra. Tá sé cinn de na ceantair phleanála teanga is láidre ó thaobh úsáid na Gaeilge de roghnaithe cheana féin chun tús áite a thabhairt dóibh maidir le hullmhú pleananna teanga. Is iad na ceantair atá i gceist ná dhá cheantar i nGaeltacht Dhún na nGall, dhá cheantar i nGaeltacht na Gaillimhe, chomh maith le Ciarraí Thiar agus na Déise. Ní mór a bheith soiléir gurb í seo an chéad chéim sa phróiseas agus go bhfuil sé i gceist, de réir a chéile, aghaidh a thabhairt ar an bpróiseas seo sna ceantair phleanála teanga go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.