Dáil debates

Tuesday, 22 May 2012

Private Members' Business. National Monuments: Motion

 

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm go bhfuil deis agam cupla focal a rá faoin ábhar seo agus tacaíocht a thabhairt don rún seo. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfaimís cuimhniú ar na láithreacha a bhí lárnach do Éirí Amach 1916. Mar a dúirt an Teachta Brendan Smith, tá go leor den Stát atá againn anois bunaithe ar aois na ndaoine a chuaigh amach i 1916 ag iarraidh saoirse a bhaint amach don tír seo. Is minic a smaoiním ar an argóint atá ann scaití idir an féinriail agus an phoblachtánachas a bhí mar chroílár an Éirí Amach. Tá sé tábhachtach a rá gurb é mo bharúil dá mbéadh rogha saor ag pobal na hÉireann ag aon am ó lár na naoíú aoise déag ar aghaidh, dá mbeadh reifreann saorcheart ann, go roghnóidís poblacht seachas féinriail. Is ceart dúinn a aithint freisin, go raibh tionchar nach beag ag an Éirí Amach ar shlánú na Gaeilge agus gur ar éigin go mbeadh an Ghaeilge mar atá sí i láthair na huaire sa tír murach an Éirí Amach. Ní léir domsa go mbeadh aon stát seachas poblacht sásta an Ghaeilge a cur mar chéad teanga oifigiúil ar an Stát agus tús áite a thabhairt di ar an gcaoi sin. Tá ceantar fíor-starúil againn i láthair na cathrach, idir Ard Oifig an Phoist agus Sráid Uí Mhórdha agus na lanaú timpeall uirthi, agus is ceart iad a chaomhnú mar aonad. Molaim go mór an obair atá déanta ag daoine go deonach, ag iarraidh an cás seo a bhrú chun cinn. Tá mé cinnte go bhfuil gach uile taobh den Teach seo ar an tuairim go mba cheart beart a dhéanamh anseo. Tá a fhios agam go bhfuil scéal sách casta ann, ach má chuireann gach aon duine le chéile is féidir éacht a dhéanamh. Níl sé i bhfad ó shin ó rinne éacht maidir le láthair Chath na Bóinne. Má bhíothas in ann é a dhéanamh dó sin is féidir an rud céanna, agus níos mó, a dhéanamh le comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach. Mar sin, tá mé cinnte go mbeadh tacaíocht ag an Rialtas ó gach uile thaobh den Teach má thugann sé faoi séadchomhartha náisiúnta ceart a dhéanamh thart ar an gceantar sin le go mbeadh daoine a thiocfadh anseo ó ar fud an domhain le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach in ann a fheiceáil cár tharla na heachtraí móra i stair na hÉireann. Le fada an lá, tá mise ag tathaint go bhfuil go leor spáis taobh istigh d'Ard Oifig an Phoist chun chuid mhaith den láthair sin a thabhart ar láimh le haghaidh músaem náisiúnta na saoirse a chur inti. Má thagann cuairteoir, stráinséar nó turasóir go Sráid Uí Chonaill, is aisteach nach ndeirtear leo cad é Ard Oifig an Phoist. Tá beagáinín de thaispeántas ann ach níl aon rud mór ann. Tá go leor taiscí ag Ard Músaem na hÉireann. Le haghaidh 2016, ba cheart músaem náisiúnta na saoirse a lonnú in Ard Oifig an Phoist ionas nuair a thiocfadh cuairteoirí ag iarraidh a fháil amach céard a tharla ann go mbeadh scéal na saoirse ar fáil ansin, ní hamháin scéal an Éirí Amach ach scéal iarracht phobal na hÉireann saoirse a bhaint amach. Tá Ard Músaem na hÉireann anseo i Sráid Chill Dara, tá cuid eile de thíos i gCaisleán an Bharraigh agus cuid eile i mBeairic Uí Choileáin, ach an áit go mba cheart na séadchomharthaí a bhaineann leis an Éirí Amach agus leis an troid ar son na saoirse, ag dul i bhfad siar go 1798, ar fad a gcoinneáil is ea Ard Oifig an Phoist, agus ba cheart cuid den bhfoirgneamh a chur in oiriúint dó sin. Molaim go mbeadh sé sin mar chuid de rud i bhfad níos mó, is é sin an moladh seo maidir leis an láthair i Sráid Uí Mhórdha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.