Dáil debates

Tuesday, 1 May 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Cuirim leis an méid a dúirt an Teachta agus déanaim comhghairdeas leis an bpríomhfheidhmeannach úr, a bhfuil an-eolas aige ar imeachtaí agus ar láimhseáil chúrsaí in Údarás na Gaeltachta le blianta fada. Gabhaimid buíochas ó chroí fosta don phríomhfheidhmeannnach gníomhach bhí ag an údarás le tamall agus atá ag éirí as tar éis seirbhís fhada a thabhairt don údarás agus don Ghaeltacht.

Maidir leis an mBille agus ceapadh na mball, tá cinneadh déanta ag an Rialtas go mbeidh údarás amháin ann le feidhmiúchán fiontraíochta ag an údarás agus dualgais air maidir le cur chun na straitéise 20 bliain sa Ghaeltacht féin. I measc an chinnidh sin a rinne an Rialtas i mí Bhealtaine seo caite, dúradh nach mbeadh toghchán díreach ann ach mar sin féin go mbeadh ionchur daonlathach ag cuid de na baill a thoghfaí ar an mbord úr. Ní bheidh an bord chomh mór agus atá sé anois. Beidh thart faoi deichniúr nó 12 air.

Tá an t-údarás lonnaithe i bpáirteanna den tír ina bhfuil an turasóireacht iontach tábhachtach. Tá baint ann i mo Roinn féin le forbairt na turasóireachta sa Ghaeltacht, na coláistí samhraidh ach go háirithe, agus an 25,000 dalta a théann go dtí an Ghaeltacht gach bliain.

Tá an reachtaíocht á hullmhú faoi láthair faoi choinne Bhille na Gaeltachta agus na feidhmeanna breise a bheidh ag an údarás, agus beidh na sonraithe sin sa Bhille, atá beagnach réidh. Níl a fhios agam an bhfuil an t-iarratas istigh, ach má tá nó má thagann a leithéid isteach, is cinnte go ndéanfar é a scrúdú go mion. Níl mé ag rá go nglacfar leis ach níl mé ag rá nach nglacfar leis. Ar ndóigh, is freagracht é sin, is cúis í sin, is cás é sin atá le déanamh ag an údarás féin ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.