Dáil debates
Tuesday, 27 March 2012
Order of Business
4:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Tá trí chinn des na Billí atá geallta sa chlár Rialtais foilsithe cheana féin. Tá dhá Bhille aontaithe ag an Rialtas agus tá siad ag feitheamh le go bhfoilseofar iad. Tá Bille eile nach raibh ar liosta A ach atá foilsithe. Tá roinnt Billí eile atá ar liosta A nach bhfuil foilsithe go fóill.
Maidir leis na rialacha faoin Acht rialtais áitiúil, ba cheart don Teachta ceist dhíreach a chur síos don Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil ar an ábhar sin.
No comments