Dáil debates

Tuesday, 27 March 2012

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar a bhí mé ag fiafraí an tseachtain seo chaite, cé mhéad des na Billí a bhí luaite ar liosta A a bhéas foilsithe i rith an tseisiúin seo agus cé mhéad atá foilsithe go dáta? An bhfuil Billí nach raibh ar liosta A ach a bhéas foilsithe roimh dheireadh an tseisiúin seo? Mar is eol don Tánaiste, is beag Bille atá foilsithe go dáta.

An dara cheist, cén uair atá i gceist go bhfoilseofar na rialacháin faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2012? Ní hé seo an chéad uair a chuir mé an cheist seo ach b'fhéidir an t-am seo go bhfaighidh mé freagra díreach ar an gceist, cén uair a fhoilseofar na rialacháin sin faoi Alt 70L den Acht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.