Dáil debates

Thursday, 8 March 2012

10:30 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Inné, chuir mé ceist ar an Taoiseach faoi an raibh aon athrú bunreachtúil chun teacht maidir leis an gceist faoin athbhreithniú ar chíosanna agus an cás gur ardú amháin atá i gceist le athbhreithnithe. Nuair a toghadh Fine Gael thug an páirtí agus an Rialtas geallúint go mbeadh reachtaíocht ag teacht isteach maidir leis an cleachtas seo a théann i gcoinne siopaí agus gnóthaí beaga. Cheana féin, tá an Rialtas tar éis a rá nach mbeidh reachtaíocht ag teacht maidir leis an cleachtas seo a athrú. An bhfuil an Rialtas chun reachtaíocht a thabairt isteach chun faoiseamh a thabhairt do siopaí nó gnóthaí beaga maidir leis an cleachtas seo toisc nach bhfuil sé chun athrú bunreachtúil a dhéanamh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.