Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Tá an port céanna á chanadh ag an Teachta Higgins, ach i dteanga eile ar maidin. Níor shínigh mé an conradh seo "faoi cheilt" ar chor ar bith. Tharla sé go han-phoiblí. Is maith an rud é do mhuintir na hÉireann, dar dtír agus do mhuintir na hEorpa. Is é atá i gceist sa chás seo ná má ghlacann tír leis an gconradh, caithfidh an tír sin coinneáil leis na gcoiníollacha a bhaineann leis. Nuair a bheidh ár dtír imithe ón bplean agus ón gcóras ina bhfuilimid ag feidhmiú faoi láthair taobh istigh de dhá bhliain, beidh seasamh i bhfad níos láidre, agus níos dáiríre ó thaobh córas na hEorpa de, againn chun iad siúd a bheidh ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh inár dtír a mhealladh más rud é go bhfuil an conradh seo glactha againn. Tá sé sin i gceist againn.

Is é a bhí i gceist ag an Rialtas i leith na díospóireachtaí a bhí ar siúl faoin ESM ná go dtabharfaí amach an tagairt don PSI ó na focail a bhí ag baint leis an ESM sa chonradh. Tá sé sin i bhfad níos fearr dúinn. Bheadh imní orthu siúd a bheadh ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh anseo dá mbeadh an tagairt sin fágtha sa chonradh. Bhí sé an-soiléir sa díospóireacht phoiblí ag éirí as an ESM má ghlacann tír leis an gconradh, beidh sé in ann airgead a fháil ón ESM más gá leis. Ní dóigh linn go mbeidh sé sin á thabhairt i gcrích againn. Ag an am gcéanna, bheadh seasamh i bhfad níos láidre againn dá mbeadh an conradh glactha ag muintir na hÉireann. Níl bata os cionn éinne. Nílimid ag cur scanradh ar duine ar bith. Ba cheart go mbeadh díospóireacht an-soiléir agus iomlán againn faoin gconradh seo. Ba mhaith an rud é go mbeadh eolas ag gach éinne sa tír seo céard go díreach atá i gceist. Beidh traein na hEorpa ag fágáil an stáisiún ar 1 Eanáir 2013.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.