Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

Lá na Gaeilge: Statements

 

12:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Molaim Conradh na Gaeilge as an obair atá ar bun acu le Seachtain na Gaeilge. Go deimhin, ba mé an chéad duine a thug deontas do Chonradh na Gaeilge le seachtain na Gaeilge a chur chun cinn.

É sin ráite, tá sé náireach nach bhfuilimid ach ag caitheam dornán bheag nóiméad sa Teach ar an ndíospóireacht seo. Ceathracha nóiméad an méid is fiú do phlé na Gaeilge i gcaitheamh na bliana. Ba cheart go mbéadh díospóireacht cheart sa Teach maidir le cúrsaí Gaeilge.

Ní maith liom an happy clappy atmosphere a bhriseadh, ach ó tháinig an Rialtas i gcumhacht is siar agus siar atá siad ag dul ó thaobh na Gaeilge de, go mórmhór an t-Aire Oideachais agus Scileanna. Gach uile deis a fhaigheann sé an Ghaeilge a cur ar gcúl déanann sé é. Tá an straitéis 20 bliain caite i dtraipisí. Níl rud ar bith á dhéanamh faoi. Ní raibh cruinniú ann le bliain anuas. I ndáiríre, tá an Rialtas, tar éis go ndúirt siad sa bhFreasúra go rabhdar chun tacú leis an straitéis 20 bliain, tá siad ag tabhairt cúil leis an straitéis.

Is rud maith é go bhfuilimid ag díriú ar an nGaeilge i rith na seachtaine seo. Cé go bhfuil mé thar a bheith tacúil dos na hiarrachtaí atá á dhéanamh ag daoine an teanga a fhoghlaim agus a labhairt, mar dhuine a labhraíonn an teanga gach uile lá den tseachtain, gurb í an teanga baile agam í agus gurb í an teanga gnó agus sóisialta go minic agam í, creidim nach bhfuil daoine sásta aitheantas a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge a labhraíonn an teanga mar ghnáth theanga seachas teanga dea-mhéine, is cuma cén áit sa tír a bhfuil siad. Tá sé in am ag an Rialtas a thuiscint go bhfuil cearta bunúsacha ag lucht labhartha na Gaeilge.

Is é an trua nach bhfuil agam ach trí nóiméad, mar ní thiocfainn ar chor ar bith leis an méid atá le rá ag an Teachta Ó hUigín maidir leis an nGaeltacht, sa méid seo. Ni mhairfeadh an Ghaeltacht, agus tá mé ag maireachtaíl sa nGaeltacht le fada an lá, muna bhfuil an Ghaeilge á chur chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní treabh nó cine faoi leith iad mhuintir na Gaeltachta. Ní mór an Ghaeilge a bheith ag dul ar aghaidh ar bhonn náisiúnta má táthar chun an Ghaeltacht a thabhairt slán.

É sin ráite, tá dúshlán faoi leith roimh an Ghaeilge san nGaeltacht, go mórmhór imeasc daoine óga. Ní mór tacaíocht láidir a thabhairt di. Ni féidir léi fanacht go dtí go mbeidh an ghéarchéim eacnamaíochta thart. D'fhéadfaimís teacht lá éigin go mbéadh an-rath ar an tír go heacnamúil ach go mbéadh ceann des na rudaí us luachmaire agus is saibhre atá againn, is é sin an fíor-chainteoir dhúchasach a labhraíonn an Ghaeilge mar ghnáth theanga, ar fad imithe as an tír.

Is masla don Ghaeilge an socrú seo, deich nóiméad an duine. Ag deireadh, ba mhaith liom é seo a rá faoi na cluasáin. Gach uile sheachtain, má labhraíonn Teachta i nGaeilge sa Teach, seachas daoine ag déanamh rudaí a dhéanfaidís i bParlaimint na hEorpa nó in aon pharlaimint eile ar domhan, na cluasáin a chur orthu, maslaíonn lucht labhartha an Bhéarla nach bhfuil aon Ghaeilge acu na gaeilgeoirí tré dhiúltú úsáid a bhaint as cluasáin, bíodh siad sa gcathaoir thíos nó thuas ar na binsí. Sé an cineál dearcaidh a thógann siad ná: "Bhuel, is cuma, is i nGaeilge atá sé ag caint agus ní bhacfaimid éisteacht leis nó na cluasáin a úsáid." Níor thuig mé riamh an meon sin. In aon pharlaimint eile, dá mbeadh na daoine ceannann chéanna ina suí thall sa Bhruiséil, abair, ag cruinniú, mura dtuigfidís an teanga, tharraingeoidís amach na cluasáin, chuirfidís orthu iad agus d'éistfidís go cúirtéiseach leis an méid a bheadh le rá. Is míchúirtéis amach is amach an rud a dhéanann daoine nach bhfuil Gaeilge acu sa tír seo, gan chluas éisteachta a thabhairt nuair atá córas aistriúcháin ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.