Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

12:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Nuair a labhraím, nó nuair a labhraíonn aon Teachta tá an ceart aige nó aici go dtuigfeadh gach éinne eile an méid atá á rá.

Is luachmhar d'aon tír agus d'aon phobal a theanga dhúchais. Tá dhá theanga dhúchais sa tír seo, an Ghaoluinn agus an Béarla. An Ghaoluinn an ceann a théann níos faide siar agus a bhfuil stair, seanchas, litríocht, ceol agus amhráin ag baint léi, ach tá fadhbanna móra i láthair na huaire.

Is breá an rud é go bhfuil gaelscoileanna ar fud na tíre ach is iad na gaeltachtaí a chaithfear a chaomhnú má tá dul chun cinn le déanamh chun an Ghaoluinn a chaomhnú. Is iad na gaeltachtaí ancaire na Gaoluinne. Tá na gaeltachtaí faoi bhrú fhiachmhar i láthair na huaire. Ar ndóigh, tá brú ós na meáin cumarsáide ón dtaobh amuigh ach an rud is tromchúisí ná go bhfuil bánú á dhéanamh ar óige na Gaeltachta de bharr na géarchéime eacnamaíochta, mar nach bhfuil postanna acu agus go bhfuil na daoine óga ag dul thar lear. Tá siad caite amach as a dtír féin agus tá na gaeltachtaú ag fulaingt dá bharr. Is é an bánú céanna a tharla ins na hochtóidí agus a lagaigh na gaeltachtaí. Is tragóideach an scéal é go bhfuil an rud seo ag tarlú arís. Is tragóideach an scéal é go bhfuil an polasaí déine, na ciorraithe agus a leithéid, ag déanamh an cheist níos measa.

Tá an géarchéim chaipitleach ar fud na hEorpa agus sa tír seo ag déanamh scrios inár gcultúr agus ar an nGaoluinn tré lagú na ngaeltachtaí. Dá bhrí sin, córas difriúil - córas sóisialach, mar shampla, ina mbéadh obair ag gach duine agus todhchaí ag daoine óga - an rud is tábhachtaí chun ár ndaoine féin a choimeád sa tír seo, agus ins na gaeltachtaí go mórmhór, i dtreo is go mbéadh an t-ancaire san ag an dteanga agus ag an gcultúr agus go bhféadfaí síneadh amach as san ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.