Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Bliain ó shin, nuair a cuireadh an clár Rialtais le chéile, thug an Rialtas geallúint go ndéileáilfeadh sé go práinneach trí reachtaíocht le cúrsaí a bhaineann le siopaí agus gnóthaí. B'shin an cheist faoi athbhreithnithe ardaitheacha amháin ar chíosanna, upward only rent reviews. In ainneoin go ndúirt an tArd-Aighne nach raibh reachtaíocht cuí sa chás seo, toisc go mbeadh sí ag teacht salach ar an mBunreacht, an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas athrú bunreachtúil a dhéanamh i bhfoirm reifrinn. Os rud é go mbeidh pobal na tíre ag vótáil i reifreann eile, an féidir leis an Rialtas an deis sin a thapú chun a dhéanamh cinnte de go dtiocfaidh athrú ar seo ionas nach mbeidh aon reachtaíocht ag teacht salach ar an mBunreacht, go háirithe mar tá a lán siopaí agus lucht gnó i gcruachás faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.