Dáil debates
Wednesday, 7 March 2012
Order of Business
11:00 am
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Tá a fhios ag an Teachta go ndeachaigh cinn Bhille na Gaeltachta os comhair an Rialtais cupla seachtain ó shin. Tá an t-Aire ag obair ar sin. Beidh sé foilsithe nuair a bheidh sé réidh. Tá an t-Aire ag déanamh an obair air faoi láthair. Maidir le hinfheistíocht, tá níos mó airgid i Vóta an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta ná mar a bhí ariamh cheana. Mar a dúirt mé leis an Teachta Ó Máirtín, tabharfar an Bille isteach anseo taobh istigh de chúig nó sé seachtain. Baineann an Bille le creidmheas agus solúbthacht do comhlachtaí beaga maidir le airgead agus creidmheas a fháil le haghaidh infheistíochta agus postanna a chur ar fáil. Beidh seans ag an Teachta labhairt ansin.
No comments