Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)

Ar maidin, chualamar tuairisc ó na meáin go raibh daoine ina lui ina gcuid gluaisteán thar oíche i gCorcaigh mar go raibh siad ag iarraigh fáil isteach go dtí taispeántas ar fostaíocht thar sáile. Mar gheall ar an slad a rinne Rialtas roimhe seo ar an eacnamaíocht, tá daoine ag fágáil na tíre. Tá an fhadhb chomh mór agus a bhí sé ón am a tháinig an Taoiseach in Oifig.

Is í an cheist atá agam ar reachtaíocht, cad é an reachtaíocht atá an Rialtas ag tabhairt chun tosaigh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na dífhostaíochta agus na himirce-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.