Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)

Inné, rialaigh an Chúirt Uachtarach go raibh alt 29 de Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit ag teacht salach ar an mBunreacht. Fuair an Chúirt nach raibh gardaí neamhspleách agus iad déileáil leis an gceist faoi chuartú ar theach shaoranach. Cén chéim a ghlacfaidh an Rialtas chun déanamh cinnte de go bhfuil gach uile phíosa reachtaíochta ag luí leis an mBunreacht agus le cearta saoránach a chosaint maidir le próiseas dlí. Ba chóir don Rialtas an deis seo a ghlacadh Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit a chur ar leataobh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.