Dáil debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail)

Mar is eol don Taoiseach, i gclár an Rialtais, tá an-chuid reachtaíochta agus an-chuid gealltanas foilsithe. Ó thaobh oideachais de, ar fud na tíre, tá daltaí ag fanacht ar na cártaí tuairisce faoi choinne na réamhscrúduithe atá déanta acu. Sa Dáil seo, is cosúil nach mbeidh aon chárta tuairisce d'Airí an Rialtais, cé gur gheall an Taoiseach go mbeadh. Gheall an Taoiseach ar "The Late Late Show" le Ryan Tubridy go raibh an Taoiseach i ndáiríre go n-éiseofar cárta tuairisce do gach Aire. Ca bhfuil na cártaí tuairisce? Beidh na hAirí ag dul thart ar an domhan anois agus bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh na cártaí ag na hAirí roimh dul thar lear. Gheall an Taoiseach go mbeadh an cártaí tuairisce ach níl siad le feiceáil ar chor ar bith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.