Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur thóg an Rialtas cinneadh ar 7 Feabhra 2012 go ndéanfar Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Mar atá molta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, tá sé beartaithe faoin mBille Gaeltachta go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar a bhí go dtí seo. Beidh an phleanáil teanga ag leibhéal an phobail lárnach do phróiseas an tsainmhínithe nua don Ghaeltacht.

Tá sé i gceist faoin mBille Gaeltachta go mbeidh deis ag ceantair, lasmuigh de na ceantair thraidisiúnta Gaeltachta, aitheantas reachtúil a bhaint amach mar ghréasáin Ghaeilge, faoi réir critéir phleanála teanga sonraithe a bheith comhlíonta acu. Mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain, is ceantair iad na gréasáin Ghaeilge seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh cnap criticiúil bunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge.

Tá plé ar siúl faoi láthair idir fheidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge maidir leis na critéir phleanála teanga cuí a bheadh le comhlíonadh chun aitheantas reachtúil a bhaint amach mar ghréasáin Ghaeilge. Tá sé i gceist freisin comhairle chuí a chur ar fáil do phobail a bhfuil spéis acu plean teanga a ullmhú chun aitheantas mar Ghréasáin Ghaeilge a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.