Dáil debates

Tuesday, 6 March 2012

3:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)

Cuireann sé isteach go mór orm go bhfuil gá go mbeadh cúrsaí dlíthúil le leanúint dóibh siúd a cuireadh isteach orthu go mór de bharr na tragóide seo. Tá a fhios ag an Teachta, mar a dúirt mé cheana, go bhfuil an tArd-Aighne ag féachaint ar an deachracht atá ann faoi láthair, os rud é nár éirigh leis an Rialtas cruthú a fháil san reifreann a bhí ann ó thaobh iniúchta agus scrúdú ina mbeadh coistí an Oireachtais páirteach agus in ann é sin a dhéanamh.

Tá an tArd-Aighne faoi láthair ag díriú isteach ar cén bealach is fearr chun go mbeadh cúrsaí dlíthiúl ar fáil dóibh siúd atá lárnach sa rud seo. De réir an eolais atá agam, beidh freagra le fáil ón Ard-Aighne go luath. Nuair a bheidh sé sin agam, beidh mé toilteanach agus réidh chun go mbeidh cruinniú againn leis na Teachtaí ón Tuaisceart agus ón Deisceart faoin chás seo, mar tá a fhios mhaith agam go gcuireann sé isteach ar mórán daoine. Chun an fhírinne a rá, ní féidir liom, agus mé i mo sheasamh anseo inniu, freagra iomlán a thabhairt don Teachta go dtí go mbeidh an t-eolas agus an chomhairle ón Ard-Aighne faighte agam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.