Dáil debates

Wednesday, 8 February 2012

Private Members' Business: Community Employment Schemes: Motion (Resumed)

 

8:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)

Ba mhaith liom labhairt ar son an rúin seo. Is mian liom tacaíocht a thabhairt do scéimeanna fostaíochta pobail i gcontaetha na Mí agus na hIarmhí. Tá an-chuid oibre á dhéanamh ag an 18 scéim i gContae na Mí. Tá siad lárnach sa phobal. Tá 72 foghlaimeoirí ag freastal ar scéim amháin, mar shampla. Cuireann siad seirbhísí faoisimh agus cúraim cónaithe ar fáil do dhaoine le míchumais foghlama agus fisiciúla. Tá naíolann pobail, feasacht ar drugaí agus tearmann do mhná ar fáil freisin. An bhliain seo caite, d'éirigh le 58% de na daoine sin fostaíocht lánaimseartha a bhaint amach. Is cosúil go mbainfidh an méid céanna dóibh fostaíocht lánaimseartha amach i mbliana.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin fostaíochta á fháil ag an méid iontach sin? Fuair na hurraitheoirí tacaíocht ón HSE, a bhí ag feidhmiú ar chaighdeán HIQA. De bharr an taithí oibre agus na cúrsaí FETAC leibhéil 5 a fuair siad ar na scéimeanna fostaíochta pobail, bhí siad in ann dul ar aghaidh lena chuid gairm. Má tarraingíonn an Aire siar an maoiniú le haghaidh teagaisc, beidh sé uafásach deacair do na foghlaimeoirí leanúint ar aghaidh agus fostaíocht a bhaint amach. Níl móramh na bhfoghlaimeoirí in ann íoc as an teagasc atá riachtanach chun caighdeán HIQA a bhaint amach.

Tá sé dochreidte go bhfuil sé seo ag titim amach i lár géarchéim eacnamaíochta. Tá na seirbhísí seo á scrios ag an Rialtas díreach nuair a bhfuil níos mó éileamh ná riamh ar na scéimeanna. Tá sé dochreidte freisin go bhfuil an Aire Coimirce Sóisialaí, a thagann ón Lucht Oibre, ag déanamh scrios ar na seirbhísí seo. Tá Teachtaí an Lucht Oibre ag déanamh ionsaí ar na daoine a thug vótaí dóibh bliain o shin. Tagann an seanfhocal maidir le "biting the hand that feeds you" chugam ag amanna mar seo. Ní hamháin go bhfuil muintir na scéimeanna fostaíochta pobail ag fulaingt, ach tá gnáthphobal na hÉireann atá ag brath ar na seirbhísí seo ag fulaingt freisin.

Ba mhaith liom roinnt eagraíochtaí i mo cheantar fhéin a lua. Tá mé ag caint faoin adult day unit i gCoill Darach; the Aisling Group, which provides support to people who are addicted to drugs; An Tobar; Clann Mór; Daoine Óga; Enable Ireland; the Irish Wheelchair Association; Loreto Day Care; MIDWAY Leighsbrook, which helps people with mental health issues; MIDWAY Beechmount; Meath County Childcare; Meath Women's Refuge; Navan Employment Options; Na Driseoga; Rehab Care; Rehab Care Autism; Shalimar House; the special care unit in St. Mary's parish; an Cumann Lúthchleas Gael; Tidy Towns; agus go leor eagraíochtaí eile.

Beidh na daoine atá páirteach sna heagraíochtaí seo, agus na daoine a bhraitheann ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, ag fulaingt má leanann an Rialtas ar aghaidh. Céard a dhéanfaidh na saoránaigh a bhaineann úsáid as na seirbhísí seo? Beidh easnamh uafásach agus dochreidte timpeall na tíre. Ní bheidh muintir na scéimeanna fostaíochta pobail in ann faic a dhéanamh faoi. Caithfimid smaoineamh ar na daoine a bhaineann úsáid as na scéimeanna fostaíochta pobail agus iad siúd a bhraitheann ar na seirbhísí. Cuirfidh an polasaí seo bac ar fhorbairt ghairm na ndaoine. Goidfidh sé seirbhísí riachtanach ó na daoine atá thíos cheana féin.

larraim ar na Teachtaí atá ar na binsí os mo chomhair tosaíocht a thabhairt do mhuintir na scéimeanna fostaíochta pobail in ionad na mbaincéirí. Má tá giota beag cuibheas fós ar binsí an Rialtais, iarraim ar na Teachtaí ata ina shuí thall seasamh suas ar son na ghnáthdhaoine agus in aghaidh na polasaithe déine uafásacha seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.