Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

D'iarr an Teachta orm socruithe a dhéanamh ionas gur féidir leis na heagraíochtaí a fheicimid go minic i ngort na Gaeilge a gcuid tuairimí a nochtú. Is féidir é sin a dhéanamh. Nuair a bhí mé mar bhall don choiste Oireachtais a bhí ag plé le cúrsaí Gaeilge, thugamar cuirí do go leor eagraíochtaí teacht isteach. Tháinig go leor dóibh isteach. Ba chóir go mbeadh an ról sin ag an gcoiste. Tá an coiste ag plé le cultúr agus le teanga. B'fhiú don choiste bheith páirteach anseo chomh maith. Táimid ag iarraidh é a leathnú amach. Tá an Roinn i gceannas, ach ba chóir go mbeadh na heagraíochtaí in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl don chomhchoiste Oireachtais. B'fhéidir go gcuirfeadh an choiste tuairisc i láthair bunaithe ar an méid a chloisfidh baill an choiste. Bíonn cruinnithe ag an gcoiste go rialta. Bíonn fonn ar dhaoine teacht isteach. Nuair a bhí mé mar Chathaoileach ar an gcoiste, tháinig go leor daoine, dreamanna agus eagraíochtaí isteach chun a gcuid tuairimí ar an teanga agus ar an cultúr a nochtú.

Ní dóigh liom go bhfuil freagra iomlán agam ar an dara ceist a chur an Teachta, a bhain leis an bhféidearthacht miontuairiscí na gcruinnithe a bhíonn ag an gcomhchoiste Rialtais a fháil. Níl mé mar bhall don Rialtas - níl ionam ach Aire Stáit - ach sílim go mbeadh deacrachtaí ina leith sin. Níl mé ag labhairt anseo le údarás iomlán, ach ceapaim go mbeadh sé deacair miontuairiscí aon chruinniú Rialtais, nó coiste Rialtais, a eisiúnt. Is féidir liom soiléiriú ar an gceist sin a fháil. D'iarr an Teachta freisin an féidir tuairisc a chur ar fáil maidir leis na cruinnithe a bhíonn ag an gcoiste idir-rannach. Níl mé ábalta freagra a thabhairt, ach déanfaidh mé fiosrúcháin agus gheobhaidh mé amach cén stádas atá ag na comhráití sin. Má tá stádas Rialtais acu, beidh orainn fanacht 30 bliain chun a fháil amach cad a tharlaíonn iontu. Tá an riail chéanna i bhfeidhm sa Tuaisceart, i Sasana agus i ngach tír eile. B'fhéidir go bhfuil an stádas céanna ag an gcoiste seo, ach níl mé cinnte. Gheobhaidh mé eolas faoin scéal. Agus é sin déanta, is cinnte go mbeidh mé ábalta freagra a thabhairt don Teachta atá níos cruinne ná an freagra atá agam agus mé ag labhairt anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.