Dáil debates
Tuesday, 31 January 2012
An Ghaeilge
2:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Gabhaim buíochas arís leis an Teachta as na tuairimí atá á chur i láthair aige. Maidir leis na heagraíochtaí buanmhaoinithe, caithfear a admháil go bhfuil obair an-mhaith á dhéanamh. Tá siad dáiríre agus ag obair go dícheallach ar son na teanga. Is é an teip atá orainn go dtí seo ná go bhfuil an comhairle cúng go leor agus go bhfuil teipthe air dul i bhfeidhm ar an phoball leathan. Tá an Teachta tar éis eagraíochtaí a lua a mbíonn teagmháil laethúil, rialta acu lena gcuid baill féin.
Ins an straitéis, beimid ag tabhairt seans dos na pobaill pleananna teanga a ullmhú, taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de. Tá eagraíochtaí eile amuigh ansin, nach eagraíochtaí maoinithe iad, a dhéanann go leor ar son na Gaeilge. Tá dea-thoil agus dea-mhéin ann. Aontaím leis an Teachta gur cheann des na dúshláin atá againn ná úsáid a bhaint as an dea-thoil agus an dea-mhéin atá imeasc an phobaill. Ní fhaigheann siad an tseans. B'fhéidir gurb fhiú an cuireadh agus an spreagadh a thabhairt dóibh a bheith páirteach ins an ngluaiseacht seo. Ní éireoidh linn muna dtig linn dul i bhfeidhm ar an phoball go ginearálta.
Sin an rud a deir an straitéis, go gcaithfimid líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú taobh amuigh den Ghaeltacht agus ins an Ghaeltacht féin. Go dtí seo níl ag éirí linn é a dhéanamh chomh maith agus ba mhaith linn. Aon eagraíocht atá amuigh ansin, is cinnte gur cóir dúinn iarraidh air teacht linn ins an fheachtas náisiúnta seo.
Aontaím go bhfuil géarchéim ann. B'fhéidir gur seo uair na cinniúna don Ghaeilge agus go gcaithfimid úsáid a bhaint as gach seift, gach eagraíocht, gach dream agus gach duine a bhfuil dea-thoil nó tacaíocht nó suim acu ins an teanga.
No comments