Dáil debates
Tuesday, 31 January 2012
An Ghaeilge
2:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Tá dúshlán na straitéise á chur síos againn. Mar a dúirt mé i mo fhreagra, tá an straitéis 20 bliain á chur i bhfeidhm ag ionad straitéise i mo Roinn. Tá fochoistí ina thagann oifigigh ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; an Roinn Oideachais agus Scileanna, go speisialta; agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha le chéile. Beidh páirt lánach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcur chun cinn na straitéise. Beidh ionadaithe sinsearacha os na Ranna uilig ar coiste idir-rannach, faoi mo chathaoirleacht féin, chun monatóireacht a dhéanamh ar cur i bhfeidhm agus cur chun cinn na straitéise. Tá an-chuid oibre déanta ar Bille na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar shampla. Tá cinn an Bhille sin réidh chun dul os comhair an Rialtais gan mhoill. Má tá tacaíocht an Rialtas le fáil, rachfaidh an Bille chuig an dréachtóir. Tá súil agam go mbeimid ábalta an Bille a thabhairt isteach am éigin i rith na bliana seo.
Beidh tionchar mór agus impleachtaí móra ag an mBille d'Údarás na Gaeltachta. Tá todhchaí an údaráis socair. Beidh an t-údarás ann. Beidh cúraimí fiontraíochta ag an údarás. Tá airgead agus maoin - €6 milliún - curtha ar fáil don bhliain amach romhainn. Tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag dul ar aghaidh. Sílim gurb é inniu an lá deireanach. Dearbhaím don Teachta agus na Teachtaí eile go bhfuil ar a laghad 1,200 suirbhé faighte, i dteannta le cúpla céad acmhainní agus moltaí freisin. Mar sin, tá freagra an-dheimhneach ag teacht ón bpobal mar thoradh ar an athbhreithniú atá ar siúl, agus a d'fhógair mé ag an Oireachtas i gCill Airne san fhómhar. Mar a dúirt mé leis an Teachta Tóibín, nuair a d'iarr sé mar gheall ar na heagrais, tá athbhreithniú á dhéanamh againn. Tá an-chuid oibre mar sin ag dul ar aghaidh. B'fhéidir nach bhfeiceann an Teachta é go léir. Tá sé cosúil le iceberg - ní fheicimid ach an pointe a ghobann amach ón uisce, ach tá go leor de faoin uisce. B'fhéidir go bhfuil sé cosúil le lacha - tarlaíonn níos mó faoin uisce ná mar a bhíonn le feiceáil os cionn an uisce. Is fíor é sin a rá chomh fada agus a bhaineann sé leis an Roinn agus le straitéis na Gaeilge.
No comments