Dáil debates

Tuesday, 31 January 2012

2:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 49, 56 agus 72 le chéile.

Tá polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge rianaithe sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá an straitéis leagtha amach chun cur chuige iomlánaíoch, comhtháite, i ndáil leis an nGaeilge a chur chun cinn, ar cur chuige é a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Leagtar naoi réimse gnímh amach sa straitéis, lena n-áirítear an t-oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, an pobal, seirbhísí poiblí, an eacnamaíocht agus na meáin. Tá spriocanna sonracha luaite sa straitéis chun cur le líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge in Éirinn.

Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis a chur i gcrích. Díríodh go príomha ar na struchtúir eagraíochtúla agus oibríochtúla a bhunú, lena n-áirítear an t-aonad straitéise i mo Roinn féin atá freagrach as feidhmiú na straitéise a threorú agus as na grúpaí oibre ard-leibhéil atá bunaithe le príomh-pháirtithe leasmhara na straitéise.

Tá plean forfheidhmithe trí bliana mo Roinne maidir le cur i bhfeidhm na straitéise don tréimhse 2012 go 2014 á ullmhú faoi láthair. Tógfaidh an plean trí bliana ar an bplean forfheidhmithe do 2011, a d'fhoilsigh mo Roinn anuraidh. Díreoidh an plean úr ar na gníomhaíochtaí gur féidir le mo Roinn a chur i bhfeidhm le linn na tréimhse ó 2012 go 2014, i gcomhar le páirtithe leasmhara eile. Beidh mo Roinn ag tabhairt tosaíochta i mbliana don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí Rialtais maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe don straitéis agus maidir leis an sainmhíniú úr don Ghaeltacht.

Cé go bhfuil freagracht fhor-iomlán ar mo Roinnse don straitéis, is léir gur i gcomhar le páirtithe leasmhara eile a bheifear ábalta an straitéis a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, tá cinneadh déanta agam grúpa idir-rannach a bhunú, faoi mo chaothaoirleacht féin, chun cur i bhfeidhm na straitéise a éascú. Chomh maith leis sin, táthar ag beartú cruinnithe dé-thaobhacha a eagrú idir oifigigh mo Roinne agus Ranna eile chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn.

Tá sé ráite i gclár an Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis agus go gcuirfear na spriocanna insroichte atá beartaithe inti i gcrích. Tá an traitéis á cur i bhfeidhm faoi láthair taobh istigh de na hacmhainní atá ag an Státchiste. De réir mar a fheabhsóidh cúrsaí eacnamaíochta, bheinn ag súil ag gcuirfear tuilleadh acmhainní i dtreo na straitéise, sa chaoi is go mbeifear in ann na spriocanna uile faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.