Dáil debates

Wednesday, 11 January 2012

Private Members' Business, Special Educational Needs: Motion

 

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá áthas orm deis a fháil labhairt ar an rún tábhachtach seo anocht. Is iomaí gné de pholasaí an Rialtais go bhféadfainn a cháineadh, ach anocht tá mé chun díriú isteach ar na scoileanna beaga tuaithe, go mórmhór na scoileanna beaga Gaeltachta. Níl aon amhras orm, ach le fada an lá tá an Roinn Oideachais ag iarraidh cónascadh a dhéanamh ar na scoileanna beaga. Tá daoine ann - is léir go bhfuil an tAire ar duine acu - a chreideann go bhfuil buntáiste i dtaobh airgid agus i dtaobh oideachais ag baint le seo, ainneoin nach bhfuil aon chruthúnas do cheachtar den dá rud sin.

Ní amháin go bhfuil an polasaí seo ag an Aire sa dlínse seo, tá an polasaí céanna á chur i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann ag Sinn Féin, ach go bhfuil sé á dhéanamh ar bhonn níos déine fós thuas ansin, is é sin, deireadh a chur leis na scoileanna beaga. Ní aontaím leis an polasaí seo agus ní aontóidh mé go deo leis, mar nuair a dúntar scoil beag, gearrtar an croí amach as an bpobal. Go deimhin, siar i 1997, mhol mé i bpolasaí tuaithe a scríobh mé do Fhianna Fáil, go laghdófaí an cóimheas múinteoirí agus scoláirí ó 24 - an mhéid a bhí ann ag an am leis an dara oide a choinneáil. De thoradh ar sin, laghdaigh mo chomhghleacaí anseo, an ceannaire ar Fhianna Fáil, Deputy Micheál Martin, a bhí mar Aire Oideachais nuair a tháinig muid i gcumhacht i 1997, an cóimheas sin ó 24 duine go dtí 12 agus laghdaigh muid ina dhiaidh sin é ar na hoileáin amach ón gcósta go ochtar.

Ní chreidim gur airgead atá ag tiomáint an pholasaí seo, ach gur polasaí dearfa aontaithe ag an Aire agus a Roinn atá á thiomáint. Tá siad ar chomh intinn faoi seo. An sprioc atá aige, rud a bhí i gceist ag an Roinn a dhéanamh le fada an lá, fiú nuair a bhí airgead fairsing, na scoileanna beaga a dhúnadh. Ar ndóigh, luíonn seo le réasún ó thaobh an Aire de, mar le fada an lá mar urlabhraí comhshaoil ag Páirtí an Lucht Oibre, bhí sé go mór in aghaidh lonnaíochta tuaithe agus go mór in aghaidh tithíochta tuaithe. Dúirt sé go minic gur chreid sé go mba ceart dúinn ar fad cónaí i sráidbhailte nó i mbailte móra agus nach ceart go mbeadh muid scaipthe thart sna bailte fearainn atá chomh tábhachtach sin do ghnáth phobal na tuaithe.

Ar ndóigh, tá scéal níos níos tromchúisí ann i gcás na Gaeltachta. Ní léir gur tógadh an straitéis 20 bliain ná cúinsí teanga san áireamh ar chor ar bith nuair a bhí an cinneadh seo á dhéanamh. Cuirfidh an cinneadh seo as do 95 as 130 de na scoileanna beaga Gaeltachta. Mar is eol do chuile duine, tá brú ar an teanga sa Ghaeltacht. Táímid ag brath go mór ar na scoileanna chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé cruthaithe sna scrúdaithe a rinne an Roinn go bhfuil caighdeán níos airde scríofa agus labhartha ag gach duine Gaeltachta i mBéarla ná mar atá acu siúd taobh amuigh den Ghaeltacht. Cruthaíonn sé sin chomh maith agus atá ag éirí linn ó thaobh cúrsaí oideachais.

Tá mé ag caint anseo mar thuismitheoir. Cé gur chuaigh mé ar scoil anseo i mBaile Átha Cliath, chuaigh mo chuid gasúir ar scoil sa Ghaeltacht. Tá mo bhean ar bord bainistíochta ceann de na scoileanna beaga Gaeltachta le fada an lá. Má dhéanann an Aire scrúdú ar thorthaí na ngasúir a chuaigh chuig na scoileanna beaga seo, is féidir liom a dhearbhú go ngeobhaidh sé amach gur ndearna siad i bhfad níos fearr ná an meán ó thaobh na cáilíochtaí a bhain siad amach sa saol. Cén fáth an bhfuil sé ag athrú polasaí atá ag oibriú?

Tá a fhios againn cá bhfuil teip sa chóras oideachais - cá bhfuil líon an-bheag do scoláirí ag dul chuig an tríú leibhéal, nó rogha acu é sin a dhéanamh. Ní amuigh faoin tuath atá sé. Is istigh sna cathracha atá sé. Má tá an Rialtas ag iarraidh fadhb a leigheas, is ansin gur chóir é a dhéanamh. Ní cheart iarracht a dhéanamh rud a dheisiú nach bhfuil briste ar chor ar bith.

Ba chóir do bhaill an Rialtas a admháil go dtagann toradh iontach maith os na scoileanna beaga tuaithe. Ba cheart dóibh bealach eile a fháil chun an méidín beag airgid suarach atá á shabháil leis an bpolasaí seo a fháil. Tá mé in amhras go sábháiltear rud ar bith, os rud é go mbeidh costaisí móra iompair agus foirgnimh i gceist. Ba chóir don Rialtas scoileanna beaga na tuaithe a fhágáil mar atá siad. Tá siad ag oibriú agus ag cur oideachas ar an bpobal. Tá na daoine istigh iontu in ann a gcuid a dhéanamh don tír.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.