Dáil debates

Wednesday, 14 December 2011

Local Government (Household Charge) Bill 2011 [Seanad]: Committee Stage

 

5:00 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)

Glacaim leis, i dtosach, nach bhfuil aon rud pearsanta sa mhéid a dúirt an Teachta Ó hUigín thall. Glacaim leis sin.

Tá an Bille seo ann toisc gur deineadh beart ag an Rialtas roimhe seo leis an EU/IMF agus toisc go gcaithfear dlí a dhéanamh chun an t-airgead a bhailiú. Níl aon dul as ag an tír seo ach é sin a dhéanamh. Níl aon rogha againn sa mhéid seo.

B'fhéidir go bhfuil rogha ag chuid den Fhreasúra. Is é an rogha atá acu gan aon airgead ar chor a bith a íoc. Dá dtarlódh sé sin bhéadh ganntanas mór airgid sa tír. Muna mbíonn an EU/IMF sásta leis an méid atá déanta ag an Rialtas stopfar an t-airgead a thagann uathu go dtí an tír seo agus titfidh cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí sóisialta, cúrsaí oideachais agus eile as a chéile. Ní bheidh aon airgead ann chun na hospidéil a choimeád oscailte agus dúnfar na scoileanna.

Is féidir leis na Teachtaí rud ar bith gur mhian leo a dhéanamh lena lámha ach sin an fhírinne ghlan. Nil aon dul as againn.

Níor chuala mé aon tuairim nua ón bhFreasúra thall anocht. Níl aon rud nua le rá acu. Tuigeann muintir na hÉireann an deacracht ina bhfuil an tír. Ní hé an Rialtas atá sa deacracht seo ach an tír féin. Caithfear an t-airgead a fháil chun an tír a choimeád slán. Seo an chéad uair gur féidir linn reachtaíocht a chur i bhfeidhm chun cuid den airgead sin a bhailiú.

Ní hé seo deireadh an scéil. Tá an fhírinne á rá agam sa mhéid sin freisin. As seo amach beidh níos mó staidéir á dhéanamh ar conas is féidir cáin réadmhaoine a leagadh a bhéadh cothrom do dhaoine a bhfuil a lán airgid agus tithe móra acu agus do dhaoine bochta nach bhfuil ach teach beag nó bothán acu.

I wish to make it very clear. We have no choice but to introduce this legislation.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.