Dáil debates

Wednesday, 7 December 2011

Financial Resolution No. 13: General (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cúis áthais dom deis a bheith agam labhairt sa Teach maidir le Meastachán mo Roinne i dtaca le gnóthaí Gaeltachta, Gaeilge agus oiléan.

Is léir go bhfuil acmhainní an Stáit thar a bheith tearc faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála le dhá lá anuas. Agus an cháinaisnéis á cur i dtoll a chéile, is cinnte gur thug an Rialtas aird ar leith ar an bpobal inár sochaí a bhfuil na riachtanais is mó acu agus ar sheirbhísí túslíne a chosaint oiread agus is féidir.

Tá leithdháileadh os cionn €46 milliún beartaithe faoin gclár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán de mo Roinn don bhliain 2012, lena n-áirítear os cionn €37 milliún in airgead reatha agus beagnach €9 milliún in airgead caipitil. Chomh maith leis sin, tá leithdháileadh os cionn €15.4 milliún beartaithe don Fhoras Teanga don bhliain 2012 faoin gclár Thuaidh-Theas de mo Roinn. Ar ndóigh, ní miste a rá go bhfuil an buiséad iomlán don Fhoras Teanga do 2012 le faomhadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Ar an iomlán, mar sin, tá os cionn €60 milliún le caitheamh ag mo Roinn in 2012 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, lena n-áirítear An Foras Teanga. Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine a mhaíomh gur suim shuarach airgid í seo agus geilleagar na tíre sa riocht ina bhfuil sé san am i láthair. Is fúinne atá sé a chinntiú go gcaithfear an maoiniú seo ar bhealach straitéiseach a rachaidh chun sochair don phobal atá ag brath air. Mar atá ráite ag an Aire, beidh miondealú ar allúntas ár Roinne le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne amárach.

Mar is eol don Teach, tá cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge ar an gcloch is mó ar phaidrín mo Roinne. Ós rud é go bhfuil os cionn €9 milliún, idir maoiniú caipitil agus reatha, curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta don bhliain 2012, beidh mo Roinn in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht.

Ar an taobh reatha, is í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an scéim teangalárnaithe is tábhachtaí atá ag mo Roinn. Tá an-áthas orm a fhógairt nach mbeidh aon laghdú i mbliana ar an deontas a íoctar leis na teaghlaigh sa Ghaeltacht a choinníonn na scoláirí ar iostas ina gcuid tithe faoin scéim seo. Laghdaíodh an deontas do na mná tí le dhá bhliain anuas agus tá áthas orm gur féidir liom an cúnamh fíor-thábhachtach seo a choinneáil ag an leibhéal céanna i mbliana.

Ionas gur féidir le mo Roinn an deontas do na mná tí a choinneáil ag an leibhéal céanna, beidh orm athruithe eile a chur i bhfeidhm ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge chun maireachtáil taobh istigh den soláthar. Dá bhrí sin, tá sé i gceist ag mo Roinn an deis a thapú chun athchóiriú áirithe a dhéanamh ar an scéim chun í a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun luach airgid níos fearr a ghiniúint don Státchiste. Tá féidearthachtaí éagsúla á bplé ag oifigigh mo Roinne leis an scátheagraíocht do na coláistí Gaeilge, CONCOS, faoi láthair agus bheadh sé i gceist agam na hathruithe ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a fhógairt amach anseo.

Ar an taobh caipitil, beidh mo Roinnse ag díriú ar thacaíocht a thabhairt do thógáil agus do chuíchóiriú ionaid phobalbhunaithe agus teangalárnaithe sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh. Ar ndóigh, bhí na scéimeanna tithíochta curtha ar fionraí ag an Rialtas deireanach in 2009. Chomh maith leis sin, ceal airgid, ní raibh sé d'acmhainn ag mo Roinn maoiniú a sholáthar do na grúpscéimeanna uisce, séarachais, muiroibreacha agus bóithre le cúpla bliain anuas. Sa chomhthéacs sin, tá cinneadh tógtha agam, ar mhaithe le soiléireacht, na scéimeanna sin a chur ar fionraí. D'fhéadfaí na scéimeanna seo a athnuachan amach anseo dá dtiocfadh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta.

Maidir leis na scéimeanna tacaíochta Gaeilge atá ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht, tá áthas orm go bhfuil soláthar os cionn €6 milliún curtha ar fáil in airgead reatha agus caipitil don bhliain 2012. Ciallaíonn an soláthar seo go mbeidh mo Roinn in ann dúshraith mhaith a chur faoi fheidhmiú na straitéise 20 bliain taobh amuigh den Ghaeltacht. Beidh mo Roinn in ann leanúint uirthi ag tabhairt tacaíochta don chiste tríú leibhéal in Éirinn agus thar lear agus d'eagraíochtaí éagsúla a chuireann an Ghaeilge chun cinn taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ó thaobh cúrsaí caipitil de, tá áthas orm go raibh ar chumas mo Roinne deontas €300,000 a cheadú níos luaithe i mbliana chun athchóiriú riachtanach a dhéanamh thar thréimhse dhá bhliain ar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge – An Taibhdhearc. Maidir leis na háisíneachtaí a thagann faoi scáth mo Roinne, creidim go mbeidh soláthar dóthanach acu in 2012 chun a gcuid feidhmeanna reachtúla a chur i gcrích.

I gcás Údarás na Gaeltachta, tá sé beartaithe go gcuirfear beagnach €19 milliún ar fáil dó don bhliain 2012, lena n-áirítear buiséad caipitil de beagnach €6 mhilliún, buiséad reatha de €3 mhilliún agus buiséad riaracháin de beagnach €10 milliún. Ní miste a rá go mbeidh acmhainní breise caipitil idir €4 mhilliún agus €5 mhilliún dá chuid féin ag an údarás a bheidh á gcaitheamh aige in 2012.

Cinntíonn soláthar an Státchiste gur féidir leis an údarás leanúint orthu ag mealladh infheistíochta chun na Gaeltachta, ag tacú le bunú agus le buanú poist sa Ghaeltacht agus ag tabhairt cúnaimh do phobail Ghaeltachta maidir le tograí teangalárnaithe. Tá mise sásta go mbeidh ar chumas an údaráis a chuid feidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go héifeachtach an bhliain seo chugainn leis an leibhéal maoinithe seo.

Beidh suim iomlán de os cionn €15.4 milliún á cur ar fáil ag mo Roinn don Fhoras Teanga in 2012. Ní miste a nótáil gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a dhéanfaidh buiséad iomlán an Fhorais Teanga do 2012 a fhaomhadh. Cuirfidh an tsuim seo, mar aon leis an airgead cómhaoinithe ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, ar chumas áisíneachtaí an Fhorais Teanga, is iad sin Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, leanúint leis an obair thábhachtach atá ar bun acu ag tabhairt tacaíochta don oidhreacht chultúrtha luachmhar atá againn, Thuaidh agus Theas.

Maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, ní miste a rá go bhfuil soláthar de €650,000 curtha ar fáil don oOifig don bhliain 2012. Tá mé muiníneach go mbeidh Oifig an Choimisinéara Teanga in ann a cúraimí reachtúla a chomhlíonadh laistigh den soláthar sin. Ar ndóigh, mar a chuir mé in iúl don Teach le déanaí, tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar siúl ag mo Roinn faoi láthair agus beidh moltaí le cur faoi bhráid an Rialtais ag eascairt as an athbhreithniú sin.

Maidir leis na hoileáin, cuirfear soláthar os cionn €6.8 milliún ar fáil dóibh in 2012, lena n-áirítear €5.9 milliún ar an taobh reatha. Cinnteoidh an soláthar méadaithe reatha go mbeidh sé d'acmhainn ag mo Roinn leanúint leis an maoiniú do na seirbhísí riachtanacha iompair do na hoileáin a bhfuil cónaí buan orthu.

Mar fhocal scoir, creidimse go bhfuil soláthar dóthanach curtha ar fáil agus go bhfuil tiomantas an Rialtais don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin le feiceáil go soiléir sa leithdháileadh atá beartaithe don Roinn don bhliain 2012. Ciallaíonn an soláthar seo go mbeidh mo Roinn in ann tosaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge chomh maith le tacaíocht a thabhairt do phobal na Gaeilge, na hUltaise, na Gaeltachta agus na n-oileán tríd an réimse leathan gníomhaíochtaí a mhaoiníonn mo Roinn agus áisíneachtaí mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.