Dáil debates

Tuesday, 6 December 2011

Financial Resolution No. 4: Value Added Tax

 

7:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)

Tá cáin breisluacha le cur in áirde go dtí 23%. Seo ceann des na polasaithe is measa ins an mbuiséad seo agus ceann des na hionsaithe is géire ins an mbuiséad in aghaidh ghnáth daoine. Cuireann cánacha indíreacha isteach go mórmhór ar dhaoine bochta agus ar lucht oibre atá ar phá íseal agus ar meán pá. Dá bhrí sin, tá sé mímhorálta, mícheart agus míchóir ó gach pointe.

Má tógtar €670 milliún i gcáin breisluacha, sin €670 milliún nach mbeidh ag dul isteach díreach ins na seirbhísí nó ins na siopaí agus, dá bhrí sin, a bheidh caillte don eacnamaíocht ghinearálta. Déanfaidh sé sin an-dhochar don pholasaí déine atá ar bun ag an Rialtas. Cad na thaobh nach n-éisteann an Rialtas leis an méid atá an Comhaontas Clé a rá, bunaithe ar fhigiúirí ón Phríomh-Oifig Staidrimh agus Credit Suisse, go bhfuil €219 bhilliún in achmhainní agus in airgead ag an 5% is saibhre sa tír agus tré cáin réadúil a chur ar an 5% sin go mbéadh €10 mbilliún againn an bhliain seo chugainn chun, mar shampla, postanna a chruthú, infheistíocht a dhéanamh i jabanna agus gan na ciorraithe agus na cánacha breise seo a chur i bhfeidhm?

Tá sé náireach go bhfuil an rogha mícheart á thógaint ag an Rialtas arís, rogha a chuireann isteach ar ghnáth daoine, an gnáth lucht oibre agus daoine bochta, seachas cáin breise a chur orthu siúd atá thar a bheith saibhir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.