Dáil debates
Tuesday, 6 December 2011
Leaders' Questions
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Níl laghdú ar bith iontu. Má fhéachann an Teachta Adams orthu agus má tá sé in ann iad a léamh, feicfidh sé nach bhfuil laghdú ar bith iontu. Is fíor agus is cinnte é sin. Ní hí sin an cheist a chuir an Teachta Adams. Bíodh an Teachta cinnte faoi sin. Sin an gheallúint atá comhlíonta ag an Rialtas. Níl laghdú ar bith sna príomh-rátaí leasa shóisialaigh.
No comments