Dáil debates

Tuesday, 6 December 2011

5:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)

Bhí ar m'athair agus mo mháthair an tír seo a fhágáil agus imeacht go hAlbain, an áit ina rugadh mé fhéin, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha. Bhí an t-ádh linn go raibh deis againn teacht abhaile go hÉirinn i ndiaidh 20 bliain thar lear. Ní raibh an deis chéanna ag go leor daoine eile. Níor éirigh go maith le go leor daoine nuair a d'fhág siad an tír seo. D'obair said go dícheallach, chuir siad airgead i leataobh le haghaidh a gcuid teaghlaigh agus chuidigh siad leis an tír. Nuair a tháinig amanna crua, chaill siad a gcuid post agus a lóistín agus bhí orthu cónaí ar na sráideanna. Tá a fhios ag an Taoiseach go bhfuil siad fós le feiceáil ar fud na bailte móra i Sasana. Is mór an náire é don Taoiseach gur fhógair an Rialtas inné go bhfuil €1.3 milliún le baint as na daoine a d'fhág an tír sna 1950í agus 1960í, agus atá ar an ngannchuid i Londain inniu. Is mór an náire é daoibh.

The Taoiseach gives a good talk on jobs, but strip away the rhetoric and take it down to the bone and there is nothing there. He might have got away with this in the first few days and weeks of government, but now it is wearing thin. Yesterday he cut the capital budget by €750 million.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.