Dáil debates

Wednesday, 30 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011 [Seanad]: Second Stage (Resumed)

 

6:00 pm

Photo of Charlie McConalogueCharlie McConalogue (Donegal North East, Fianna Fail)

Like my colleagues, I oppose the Minister's provisions in this Bill and I oppose the unfair nature of the substance of his provisions. The Bill was brought through the other House and guillotined with only a handful of the 72 amendments being discussed. This is not acceptable nor is it acceptable that it is being guillotined tonight even though there are many speakers offering to contribute. I ask the Minister to give a commitment that appropriate time will be allowed on further Stages of the Bill.

No one can argue with the objective of ensuring that our countryside is not polluted and that septic tanks are not in danger of polluting the surrounding water tables and water courses. However, we cannot tolerate a situation where people in the countryside are asked to buy a pig in a poke. They are being told, on one hand, that they do not need to be concerned so long as the septic tank measures up to the criteria in place at the time the tank was installed. If this is the case, this should be included in the text of the Bill. The public are concerned that this will be used as a revenue-raising measure at the outset. The key concern is the standard required for the upgrading of septic tanks. This has to be made absolutely clear. Rural dwellers who are already paying bills, such as development charges when a house is built, need to be given the same treatment as urban dwellers who benefit from significant investment in sewerage systems.

Will the Minister specify the required standards and ensure those who need to carry out remedial works to their septic tanks are assisted with the cost?

Is trua liom nach bhfuil an t-Aire sinsearach anseo anocht, mar ní dóigh liom go mbeidh aon Bhille níos tábhachtaí ná an Bille seo i rith a thréimhse mar Aire.

Cuireann sé déistin orm daoine a rá go bhfuil an dream atá amhrasach faoin mBille seo i bhfábhar uisce shalach agus nach bhfuilimid i bhfábhar uisce ghlan. Níl dream ar bith níos mó a thuigeann an tábhacht a bhaineann le huisce ghlan ná pobal na tuaithe. Tá mise i mo chónaí sa cheantar idir Loch Measc agus Loch Coirib. Is é an rud deiridh a theastaíonn uainne ná go mbéadh aon truailliú déanta ar na locha sin. Mar sin, ba mhaith liom go gcuirfeadh an Rialtas sin amach as a chloigeann agus go stopfadh Airí ag rá go bhfuil éinne againn ag cosaint truailliú a dhéanamh ar uisce.

Tá áthas orm go bhfuil an t-Aire ar ais sa Teach.

Glacaimid uilig, de bharr bhreith na Cúirte Eorpaigh, go bhfuil cigireacht riachtanach anois. Bíodh an breithiúnas sin ciallmhar nó ná bíodh, sin an breithiúnas agus caithfidh sé sin a theacht isteach. Níl éinne ag cur ina aghaidh sin.

Ní thuigim an deifir atá ar bhrú thríd an Bhille. Dúirt an Taoiseach ar maidin gur bhain sé leis an EU/IMF. Má bhaineann, taispeán dom é. Níl mise in ann aon rud a fheiceáil in aon aontas leis an EU/IMF a bhaineann le seo. Más é sin an plé atá leis an gCúirt Eorpach agus leis an gCoimisiún, tá mé cinnte go bhfanfadh an Coimisiún go deireadh Mí Eanáir ar mhaithe le daonlathas agus deis a thabhairt dúinne an Bille seo a chur tríd. Más sprioc Eorpach an fhadhb, cén fáth nach gcuirtear Bille tríd díreach faoin gclárú. Gabh mo leithscéal, dúirt mé ar ball go raibh an chigireacht riachtanach. Is é an clárú atá riachtanach. D'fhéadfaí Bille a chur tríd maidir leis an gclárú agus an chigireacht a fhágáil leataobh go mbeidh deis againn í a phlé má tá cás éigin Eorpach ann atá ag cur an-deifir leis an rud a bhí már ábhar sa chás cúirte, is é sin go gcaithfear an clárú a dhéanamh.

Níl a fhios agam an dtuigeann an t-Aire céard a chiallaíonn muc i mála a cheannach. Tá a fhios aige an chontúirt a bhaineann le muc i mála a cheannach mar ní fios céard a bhfaighfear nuair a osclófar an mála. Tár éis cuid mhaith díospóireachta sa tSeanad tá an t-Aire fós ag iarraidh orainn muc i mála a cheannach.

Caithfimid a admháil agus a thuiscint gur cheart go mbéadh cothrom agus réasún idir na seirbhísí atá ar fáil ag gach saoránach sa Stát, idir tuath agus cathair. Níl sé cothrom go gcaithfidh muintir na tuaithe i gcónaí a íoc ar chaoi nach n-iarrfaí go brách ar bhunadh na cathrach. Mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa gcathair seo, tuigim an méid éilimh gur minic a cuirtear ar an bpobal tuaithe i ndál le seirbhísí a chur ar fáil iad féin. Mar sin, ní chreidim go mba cheart go mbéadh aon táillí faoin mBille seo, ó tharla nach bhfuil a mhacasamhail de tháillí á ghearradh ar phobal na cathrach.

Ach ní shin an áit a bhfuil an chontúirt is mó san mBille seo. Is í an áit a bhfuil an chontúirt san mBille ná nach bhfuil an t-Aire ag rá linn céard a bhéas na rialachán seo maidir le cothabháil na dabhcha séarachais. Cé chomh minic is a chaithfear iad a ghlanadh? Céard iad na dualgais eile a bhéas ar dhaoine? An dara rud nach bhfuil sé sásta a rá linn ná cén caighdeán de dhabhach séarachais nó de chóras eisilte a bhéas i gceist. An mbeidh air sin a bheith ar chomhchéim agus ar chomhchaighdeán leis na córais atá ag na daoine a thóg tithe le bliain nó dhó anuas.

Bhí an t-Aire agus mé féin ar chlár teilifíse an oíche faoi dheireadh. Cuireadh an cheist orm, má tá an t-uisce glan ón tsean-chóras cén fáth a chuirfear faoi ndear dhuine ceann des na córais nua seo a chosnaíonn €20,000 a chur ina áit. Is é an freagra atá agamsa air sin, má tá an t-uisce fíor-ghlan ó na sean-chórais agus gan aon truailliú i gceist cén fáth a bhfuilimid ag cur faoi ndear do dhaoine óga na córais fíor-chostasach a chur ina n-áit. Cén bunús atá leis. Má bhí an t-uisce glan faoi shean-chóras níl aon loighic ag baint leis sin agus níl an t-Aire sásta aon fhreagra a thabhairt air.

As I stated in Irish, despite all the efforts to damage our reputation, not one Deputy in any of the Opposition parties wants to cause pollution. In any case, most of the pollution in this area is caused by municipal systems. People living in the country are entitled, within reason, to equality of treatment with their urban counterparts in respect of capital expenditure and maintenance. Why is the Bill being rushed through? If the hurry is because the Commission has become so dictatorial that it will not wait for democracy to take its course - I would be shocked if it could not wait until the end of January - and has a big sword hanging over the Minister's head waiting to take it off-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.