Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

5:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Maidir le acmhainní nó caiteachas caipitil, tá sé sin á phlé, mar is eol don Teachta, i láthair na huaire ag an Rialtas leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ach tá mise dóchasach. Anuraidh, bhí €6 mhilliún de dheontas caipitil ag Údarás na Gaeltachta agus cúpla bliain roimhe sin €26 mhilliún acu. Bhí titim tubaisteach ann ó €26 mhilliún go dtí €6 mhilliún. Mar sin, mar a dúradh faoin údarás anuraidh, tá sé ag déanamh obair mhaith leis na hacmhainní teoranta atá aige. Táimid ag déanamh ár ndícheall, oiread agus is féidir linn deontas caipitil agus deontas reachtála a fháil don údarás chun cumas a thabhairt dóibh dul ar ar aghaidh leis an obair atá á dhéanamh acu le tamall anuas.

Sin ráite, caithfidh muid na deacrachtaí airgid agus eacnamaíochta atá againn a chur san áireamh. Ní thig linn iad a ligint i ndearmad. An príomh rud ná go bhfuil an t-údarás ag fanacht agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta, fostaíochta agus tionscalaíochta aige. Sin céim chinnte. Nuair a tháinig mise isteach san oifig seo, ní raibh mé cinnte an mbeadh Údarás na Gaeltachta ann, mar bhí an deontas ag dul ó €26 mhilliún go dtí €6 mhilliún. Má íslíonn sé mórán níos faide, ní bheidh an t-údarás ann.

Tá mé dóchasach go mbeimid ábalta é sin a chaomhnú, más féidir liom é a chur mar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.