Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Beidh reachtaíocht i gceist. Mar a luaigh mé, tá Bille na Gaeilge á ullmhú i láthair na huaire. Tá cinn an Bhille sin réidh le dul faoi bhráid an Rialtais agus tá sé ráite i gclár reachtaíochta an Rialtais go mbeidh an Bille sin ag teacht isteach an bhliain seo chugainn, 2012. Mar atá bord an údaráis faoi láthair, tá 20 duine ar an mbord agus tá síneadh tugtha dóibh. Beidh an téarma sin ag teacht chun críche ar 1 Deireadh Fómhair 2012, beagnach bliain amháin eile.

Tá lúcháir orm seasamh leis an fógra a rinne muid i mí Bealtaine go mbeidh Údarás na Gaeltachta ann agus go mbeidh feidhmeanna fiontraíochta ag an údarás, rud atá an-tábhachtach don Ghaeltacht ar fad. Beidh baill ar bhord Údarás na Gaeltachta, ach ní bheidh an bord chomh mór agus a bhí. B'fhéidir go mbeidh deichniúr air nó dáréag ar a mhéad. Mhínigh mé go gcaithfidh muid amharc i ndiaidh an daonlathas chomh maith. Ar ndóigh, ceann de na fáthanna nach bhfuil an toghchán ag dul ar aghaidh ná go bhfuil géarchéim eacnamaíochta againn. Sábhálfaidh muid leath bhilliúin, €500,000, ar thoghchán agus is airgead suntasach é sin sa saol atá againn anois. Mar sin, beidh Údarás na Gaeltachta ann, beidh bord ann, beidh fiontraíocht tionscalaíochta ag an bord agus beidh freagracht ar an bhord chomh maith maidir le cur chun cinn straitéis na Gaeilge sna ceantair Gaeltachta. Mar sin, sílim go bhfuil todhcaí maith ag Údarás na Gaeltachta. Sílim freisin go bhfuil baill an údaráis sásta go leor lleis an cinneadh atá déanta go dtí seo ag Rialtas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.