Dáil debates

Thursday, 24 November 2011

4:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí ar an 31 Bealtaine 2011 maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear cinntí chun bord an Údaráis a laghdú go substaintiúil agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis. Tá na dréacht-chinn don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus táthar ag súil na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Rialtais go luath. Tá an Bille Gaeltachta le foilsiú in 2012, de réir chlár reachtaíochta an Rialtais.

Aithníonn an Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach mar thoradh ar na cinntí atá tógtha i gcás bhord an Údaráis. Dá bhrí sin, tá súil agam – faoi réir chinneadh an Rialtais ar ball – go mbeifear in ann teacht ar mheicníocht oiriúnach chuige sin faoin mBille Gaeltachta. Cur chuige amháin, mar shampla, ná go bhféadfaí foráil a dhéanamh chun a chumasú d'údaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a chur faoi bhráid an Aire le hainmniú do bhord an údaráis. Ar ndóigh, tá slite eile go bhféadfaí a thabhairt faoin cheist sin. Ag an am céanna, d'fhéadfadh an tAire roinnt comhaltaí eile a ainmniú mar thoradh ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.