Dáil debates

Tuesday, 22 November 2011

6:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire as ucht teacht isteach sa Teach anocht chun an cheist seo a thógáil. Go bunúsach, tógadh Áras Rónáin i gCill Rónáin in Inis Mór sa bhliain 1999 nuair a tháinig an pobal le chéile chun teach altranais a thógáil mar aon le tithíocht shóisialta do sheandaoine. Thug an tAire Comhshaoil a bhí ann ag an am, Bobby Molloy, cead cuid den fhoirgneamh a úsáid mar teach altranais agus an chuid eile den ionad a úsáid mar thithíocht shóisialta. Bhí 18 aonaid sóisialta ann agus deich leaba lán aimseartha sa teach altranais, móide dhá leaba faoisimh. Nuair a bhí an t-aonad tógtha, tógadh ar lámh éó Respond go dtí coiste Áras Rónáin agus tá siadsan ag déanamh cúram don áit le cúnamh ón HSE ó shin. Chomh maith le sin, bhí páirt nach beag ag Comharchumann na nOileán sa scéal. Caithfidh mé a rá go raibh sé de phribhléid agam go raibh cúnamh á thabhairt dóibh teacht ar an réiteach nuálaíoch cruthaíoch a thángthas air leis an áit seo a ríocht.

Ó tógadh an teach altranais, tá na leapacha ar fad lán an t-am ar fad. Go deimhin, bhíodh ar chuid de na daoine a bhí ag lorg leapa sa teach altranais dul go dtí an mórthír le haghaidh leaba altranais a fháil. Ag an am céanna, níor bhaineadh leas iomlán as na haonaid cónaithe a bhí curtha ar fáil agus d'fhan dhá thrian de na haonaid sin folamh. Nuair a bhí Noel Ahern mar Aire Stáit, thug sé cead cuid de na haonaid tithíochta sóisialta a aistriú gan aon aisíoc le haghaidh cur leis an teach altranais. Ní dhearnadh an obair sin, ach glacadh leis i bprionsabal. Tá fíor-dhroch aonad príomhúil nó ionad sláinte ar an oiléan. Tá sé an-dona ar fad. Tá an HSE ag rá go mbeadh sé an-ciallmhar dá mbeadh aonad príomhúil le haghaidh an oileán ar fad lonnaithe ar láthair Áras Rónáin agus go ndéanfaí aistriú ar cuid de na haonaid tithíochta isteach ina ionad príomhúil sláinte. Níl á lorg acu ón Aire ach cead é sin a dhéanamh. Níl siad ag iarraidh air ach breathnú ar seo san iomlán agus a rá gur ar mhaithe le pobal an oileán atá an rud ar fad. Níl ach Rialtas amháin sa tír. Ba chóir go dtabharfaí cead don choiste áitiúil dul go dtí an HSE. Tá sé mar aidhm ag an gcoiste, in ionad na haonaid tithíochta a bheith ann, go n-aithneofaí cuid acu - seacht cinn, sílim - mar ionad príomhúil sláinte. Réiteódh sé sin an fhadhb a bhaineann leis an droch-ionad sláinte. Cuireadh sé na seirbhísí sláinte ar fad ar an oileán ar aon láthair amháin. Mar a deirim, níl aon airgead i gceist ó thaobh na Roinne.

Tá súil agam go mbeidh dea-scéal ag an Aire dom tráthnóna. Ba cheart don Rialtas an rud ciallmhar a dhéanamh. Tá súil agam go dtuigtear nach bhfuil aon athrúúinéireachta i gceist. Níl aon athrú bunúsach i gceist ó thaobh úsáid na háise de. Is le pobal an oileán - agus le aos an oileán, go speisialta - a bheidh sé seo ann. Bheadh sé iontach dá mbeadh an aonad príomhúil sláinte in áit agus seirbhísí ar nós na teiripe cainte agus na fisiteiripe lonnaithe ar aon láthair amháin. Tá súil agam go mbeidh dea-scéal ag an Aire dom, agus go dtabharfar litir don choiste ag rá go bhfuil cead acu dul ar aghaidh le seo. Ba chóir go mbeadh an HSE in ann an aonad príomhúil a aistriúón áit ina bhfuil sé, atá thar a bheith mí-oiriúnach, suas go dtí láthair Áras Rónáin, ar an Mainistir i gCill Rónáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.