Dáil debates
Tuesday, 22 November 2011
Leaders' Questions
3:00 pm
Enda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Tá a fhios agam nach bhfuil sé ar chumas an Teachta bheith páirteach sna díospóireachtaí a bhíonn ann idir Baill Rialtais ach tá an Teachta ag labhairt faoi ráflaí ag dul timpeall agus faoi dhíospóireachtaí nach bhfuil cinneadh ar bith déanta futhu. Níl cinneadh ar bith ag an Rialtas i leith na mionrudaí a bhfuil an Teachta ag caint futhu. Tá siad fíor-thábhachtach agus cuirfidh siad isteach ar dhaoine agus ar chlanna ar fud na tíre. Ní bheidh córas leasa shóisialaigh againn, ní bheidh córas eacnamaíocht Rialtais againn, áfach, mura bhfuil gearradh siar sna struchtúir atá ann. Tá an Teachta ag caint futhu le fada an lá. Ní dhearna na Rialtais na cinnithe mar ba chóir go mbeadh an struchtúr sin i gceart. Caithfimid díriú isteach orthu siúd agus cinnithe a dhéanamh. Séard atá an Teachta ag rá faoi na gearruithe siar agus na laghduithe rátaí agus mar sin, déarfaidh mé an fhírinne leis - is fíor-ámh go bhfuil díospóireacht ann ar fud na tíre futhu ach níl cinneadh déanta ag an Rialtas maidir le ceann ar bith acu go fóill ach beidh laistigh de sheachtain. Táimid ag éisteacht leis na díospóireachtaí atá ar siúl ach tá dualgas ar an Rialtas cinneadh dearfa a dhéanamh faoi seo agus sin an rud a bheimid ag déanamh as seo amach.
No comments